CBL a éileamh ar ais

Trádálaithe Éireannacha atá cláraithe le haghaidh CBL a dteastaíonn deimhniú stádais inchánach uathu

Féadfaidh sé go mbeidh thrádálaithe Éireannacha (IE) faoi réir Cáin Bhreisluacha (CBL) ar sheirbhísí i 3ú tíortha lena n-áirítear an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann (UKNI). Is gá deimhniú stádais inchánach a áireamh sna hiarratais ar aisíocaíocht i leith an CBL fulaingthe. Léiríonn an deimhniú stádais inchánach go bhfuil an trádálaí cláraithe le haghaidh CBL chun críocha gnó anseo.

An chaoi chun rochtain a fháil ar an tseirbhís seo

Tá an feidhmchlár seo inrochtana ón scáileán roghanna clárúcháin cánach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Beidh sé le feiceáil ag custaiméirí a bhfuil clárúchán gníomhach CBL acu.