CBL a éileamh ar ais

Cé atá i dteideal CBL a aiséileamh?

Má tá tú ag déanamh soláthairtí incháinithe ar earraí agus seirbhísí nó i mbun gníomhaíochtaí cáilitheacha, féadfaidh tú Cáin Bhreisluacha (CBL) a éileamh ar ais. Ní mór duit an CBL a éileamh ar ais trí do thuairisceán CBL3.

Níl tú i dteideal CBL a éileamh ar ais ar earraí ná seirbhísí a úsáideadh chun soláthairtí díolmhaithe a dhéanamh nó le haghaidh do ghníomhaíochtaí neamh-ghnó.

D'fhéadfadh costais áirithe a bheith bainteach le gníomhaíochtaí incháinithe agus neamh-incháinithe araon. Féadtar an chuid den CBL a bhaineann le do sholáthairtí incháinithe a aiséileamh.

Is é ceithre bliana an teorainn ama chun aisíocaíocht CBL a éileamh.

Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh CBL baineann rialacha difriúil.

Cén CBL a féadtar a aiséileamh?

Féadfaidh tú an CBL inmhuirithe ar earraí agus seirbhísí atá á úsáid chun críche do soláthairtí incháinithe a éileamh ar ais.

Ní mór duit taifid a choinneáil chun tacú le d'éileamh, lena n-áirítear sonrasc CBL bailí nó fáltas Custam ábhartha.

Cén CBL nach féadtar a aiséileamh?

Ní fhéadfaidh tú CBL a aiséileamh ar na costais seo a leanas fiú má tá tú cláraithe le haghaidh CBL agus nach ndéanann tú ach soláthairtí incháinithe amháin:

  • bia, deoch nó seirbhísí pearsanta eile duit féin, do ghníomhairí nó d’fhostaithe, seachas sa mhéid is go bhfuil siad mar pháirt de sholáthar seirbhísí incháinithe
  • cóiríocht seachas cóiríocht cháilitheach a bhaineann le bheith i láthair ag comhdháil cháilitheach
  • bia, deoch, cóiríocht nó seirbhísí siamsaíochta eile, nuair atá sé mar chuid de nó mar chuid iomlán den chostas chun seirbhísí fógraíochta a sholáthar
  • siamsaíocht
  • mótarfheithiclí paisinéirí, seachas feithiclí cáilitheacha nó feithiclí a úsáidtear mar stoc trádála
  • peitreal, seachas sin a úsáidtear mar stoc trádála
  • obair chonartha lena mbaineann earraí a thabhairt nuair nach bhfuil earraí den sórt sin in-asbhainteach.
  • Earraí ceannaithe ag duine cuntasach agus atá faoi réir imeallscéime
  • Caiteachas a thabhaítear ar mhaoin dhochorraithe a fháil nó a fhorbairt ar cuid de shócmhainní gnó iad, i gcás ina bhfuil na hearraí le húsáid chun críche neamhghnó.

Ar aghaidh: Daoine atá i mbun ghníomhaíochtaí incháinithe, díolmhaithe agus neamh-ghnó