Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT)

Cé air a ngearrtar DIRT?

Asbhaintear DIRT ón ús a íoctar ar gach cuntas taisce á choinneáil ag daoine aonair atá cónaitheach in Éirinn.

Ráta DIRT

An ráta DIRT ó 2020 ar aghaidh ná 33% de do chuid úis iomláin. Is iad seo thíos na rátaí DIRT le blianta beaga anuas:

  • 35% le haghaigh 2019
  • 37% le haghaigh 2018
  • 39% le haghaidh 2017
  • 41% le haghaidh 2016, 2015 agus 2014
  • 33% le haghaidh 2013. 

Ardráta DIRT

Gearradh ardráta DIRT (an gnáthráta DIRT móide 3%) ar ús áirithe suas go 31 Nollaig 2013. Ba é an t-ardráta le haghaidh 2013 ná 36%. Gearradh é seo ar ús:

  • nár íocadh go bliantúil nó níos minice ná sin 
  • nach bhféadfaí a chinneadh go dtí dáta íocaíochta an úis.

Ús ó chuntais i mBallstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) agus ó thíortha neamh-AE

Má fhaigheann tú ús ó chuntas i mBallstát eile AE, ní mór duit an ráta reatha DIRT a íoc ar an ioncam ó ús. Ní mór duit sonraí faoi seo a chur san áireamh ar do thuairisceán bliantúil cánach. Beidh an t-ioncam faoi réir ardráta cánach 40% mura ndéantar é a thuairisciú in am.

Gearrfar cáin ar ús ar thaisce ó thíortha neamh-AE ag an ráta reatha DIRT:

  • más cáiníocóir ag an ráta caighdeánach thú
  • agus
  • má tá tuairisciú déanta in am agat.

Más cáiníocóir ag ardráta thú nó mura bhfuil tuairisceán tráthúil déanta agat beidh ráta DIRT 40% i bhfeidhm.

Ar aghaidh: Cé atá díolmhaithe ó DIRT?