Alcól faoi fhaoiseamh cánach

Céard is alcól dínádúraithe ann?

Is éard is alcól dínádúraithe ann ná alcól a bhfuil substaint curtha leis a fhágann an meascán gan a bheith oiriúnach lena thomhailt ag daoine.

Tá dhá chineál alcóil dhínádúraithe ann:

  • go hiomlán dínádúraithe
  • agus
  • dínádúraithe i bpáirt.

Alcól atá Dínádúraithe go hIomlán (CDA)

Is éard is alcól atá go hiomlán dínádúraithe ann ná alcól a bhfuil foirmliú sonrach curtha leis a fhágann é gan a bheith oiriúnach lena thomhailt ag daoine. In 2013, thug an tAontas Eorpach foirmliú coiteann isteach chun alcól a dhínádúrú go hiomlán le haghaidh gach Ballstát AE. Déantar CDA a iompar ar fud an AE faoin gCóras um Ghluaiseacht agus Rialú Máil (EMCS), ag baint úsáide as córas simplithe cáipéisíochta (doiciméad riaracháin simplithe leictreonach).

Nuair atá CDA dínádúraithe go hiomlán de réir riachtanais Bhallstát eile agus sa chás:

  • gur scaoileadh an CDA lena n-ól
  • agus
  • gur cuireadh riachtanais an Bhallstáit sin in iúl don Choimisiún Eorpach agus go nglactar leo

féadfaidh sé go bhfuil an CDA i dteideal faoiseamh ón gCáin ar Tháirgí Alcóil.

Alcól atá Dínádúraithe i bPáirt (PDA)

Is éard is alcól dínádúraithe i bpáirt ann ná alcól a bhfuil dínádúróir curtha leis ach nach n-úsáideann an fhoirmliú a shonraítear le haghaidh CDA. Meastar go bhfuil sé fós mí-oiriúnach le haghaidh tomhaltas ag daoine. Ní mór dó taisteal faoi EMCS le cáipéis riaracháin leictreonach.

Féadann Ballstáit AE na foirmlithe seo a cheadú de réir mar a mheasann siad is cuí. Féadann Ballstáit aon PDA a thagann isteach ina dtír a sheiceáil le cinntiú go bhfuil sé incháilithe le haghaidh faoiseamh ón gCáin ar Tháirgí Alcóil.

Féadann trádálaithe ar mian leo alcól a dhínádúrú nó alcól dínádúraithe a dháileadh nó a fháil, ní mór údarú a bheith faighte acu ó na Coimisinéirí Ioncaim chun é sin a dhéanamh. Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil ar an bpróiseas údaraithe, féach an rannán ar ghnó máil a bhunú.