Alcól faoi fhaoiseamh cánach

  1. Léargas ginearálta
  2. Céard is Alcól faoi Fhaoiseamh Cánach ann?
  3. Céard is alcól dínádúraithe ann?

Céard is Alcól faoi Fhaoiseamh Cánach ann?

Is éard is alcól faoi fhaoiseamh cánach ann ná alcól nach bhfuil Cáin ar Tháirgí Alcóil (CTA) dlite ina leith. Tá cásanna ann ina bhféadtar faoiseamh a fháil ó CTA, mar shampla:

  • má úsáideann tú an alcól nó an táirge alcóil chun críche shonrach
  • mura bhfuil sé oiriúnach le haghaidh tomhailt ag daoine.

Féadtar faoiseamh ó CTA a fháil má úsáideann tú an t-alcól chun iad seo a leanas a tháirgeadh:

  • aon deoch, seachas beoir, nach sáraíonn toirt 1.2%
  • fínéagar
  • blasanna chun bia-ábhair nó deochanna a ullmhú nach sáraíonn toirt 1.2%
  • táirgí leighis
  • bia-ábhair, i gcúinsí áirithe
  • dlúthán beorach.

Féadtar faoiseamh a fháil chomh maith más rud é go mbaineann ceann díobh seo a leanas leis an alcól:

  • go n-úsáidtear é mar stórais ar bord soithigh nó aerárthaigh ar thuras ó áit in Éirinn go háit taobh amuigh d’Éirinn
  • go ndéantar dínádúrú air de réir riachtanais na gCoimisinéirí Ioncaim
  • go bhfuil sé le húsáid le haon táirge a mhonarú nach bhfuil oiriúnach le haghaidh tomhailt ag daoine nuair a bhaineann an méid seo a leanas leis an alcól:
    • go bhfuil sé dínádúraithe de réir riachtanais aon Bhallstát infheidhmithe don úsáid sin
    • agus
    • go bhfuil an alcól dínádúraithe inchorpraithe i dtáirge nó úsáidte i gcothabháil agus i nglanadh an trealaimh monaraíochta a úsáidtear don phróiseas monaraíochta lena mbaineann
  • go bhfuil an alcól fíoraithe le bheith dínádúraithe go hiomlán de réir riachtanais Bhallstát eile ina scaoiltear é lena n-ól. Ní mór gur cuireadh riachtanais an Bhallstáit sin in iúl don Choimisiún Eorpach agus go nglactar leo.
  • go n-úsáidtear é chun críocha turgnamhacha, rialú cáilíochta, eolaíocht nó taighde
  • i gcás fíon, beoir nó deoch eile choipthe, go dtáirgtear é sa bhaile le haghaidh úsáid phearsanta agus gan é a dhíol
  • go n-úsáidtear é chun críocha leighis in ospidéil agus cógaslanna
  • go n-úsáidtear é i bpróiseas tionsclaíoch, ar an gcoinníoll nach bhfuil alcól sa táirge deiridh
  • go n-úsáidtear é chun comhchuid a dhéanamh nach bhfuil faoi réir CTA
  • go n-úsáidtear é chun táirge sláinteachais béil a dhéanamh.

Ní mór údarú a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim más mian leat alcól faoi fhaoiseamh cánach a fháil. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar na údaruithe seo sa rannán ar ghnó máil a bhunú.

Ar aghaidh: Céard is alcól dínádúraithe ann?