Tháirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPT)

Léargas ginearálta

Tháinig an Cháin ar Tháirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPT) i bhfeidhm ar 1 Samhain 2025 agus baineann sí le gach táirge leachta toitíní leictreonacha atá le húsáid i dtáirgí ionanálaithe toitíní leictreonacha.

Baineann EPT leis an gcéad soláthar sa Stát de tháirgí leachta toitíní leictreonacha. Tá an soláthraí faoi dhliteanas cuntas a thabhairt i leith na cánach agus í a íoc. Baineann an cháin le táirgí leachta toitíní leictreonacha ina bhfuil nicitín, agus leo siúd nach bhfuil nicitín iontu.

Oibríonn an cháin mar Dhleacht Mháil agus déantar í a riar ar bhonn féinmheasúnaithe. Iarrtar ar sholáthraithe clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim roimh an gcéad soláthar a dhéanamh de tháirgí leachta toitíní leictreonacha sa Stát. Ní mór dóibh tuairisceáin a thíolacadh laistigh de mhí tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina ndearnadh na soláthairtí.

Le haghaidh mionsonraí maidir leis an EPT, féach ar an rannán Treoir bhreise.

Ar aghaidh: Cé acu táirgí atá incháinithe?