Tháirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPT)

Tuairisceáin agus Íocaíochtaí

Ceanglaítear ar gach Soláthraí Táirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPS), tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta 2 mhí:

  • tuairisceán a thíolacadh
  • agus
  • dliteanas cánach a íoc.

Mura bhfuil aon soláthairtí déanta ag soláthraí cláraithe sa tréimhse chuntasaíochta, ní mór tuairisceán “nialasach” a thíolacadh.

Gearrtar ús ar íocaíocht dhéanach ar gach íocaíocht a dhéantar tar éis an dáta dlite. Má loiceann cáiníocóir an tsuim dhlite a íoc, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fiach a chur ar aghaidh le haghaidh gníomh forfheidhmiúcháin. Féadfaidh sé go bhfolódh sé seo forfheidhmiúchán sirriam, imeachtaí sibhialta trí na cúirteanna nó astú tríú páirtithe.

Le haghaidh mionsonraí maidir leis an gCáin ar Tháirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPT), féach ar an rannán Treoir bhreise.