Tháirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPT)
Taifid
Ní mór na taifid ar cháin ar tháirgí leachta toitíní leictreonacha seo a leanas, agus tuilleadh eile nach iad, a choinneáil:
- leabhair
- cuntais
- sonraisc
- orduithe seachadta agus ceannaigh
- doiciméid iompair
- doiciméid dáileacháin
- taifid stoic
- eolas sonrach táirge a bhaineann le bonn an mheasúnaithe
- taifid Díolphointí Leictreonacha (EPOS)
- sonraí idirbhirt easpórtála.
Ceanglaítear ar sholáthraithe na taifid uile a bhaineann leis an gcáin a choinneáil agus iad seo a sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a iarrtar orthu déanamh amhlaidh.
Ní mór cuntais agus taifid a bhaineann leis an gcáin a choinneáil ar feadh tréimhse sé bliana. Féadtar iad a choinneáil i bhfoirm leictreonach, ar an gcoinníoll go bhféadtar iad a chur ar fáil i bhfoirm phriontáilte nuair a iarrtar iad.
Le haghaidh mionsonraí maidir le Cáin ar Tháirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPT), féach ar an rannán Treoir bhreise.
Ar aghaidh: Tháirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPT)