Tháirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPT)

Cén uair atá feidhm leis an gCáin ar Tháirgí Leachta Toitíní Leictreonach?

Tagann dliteanas i leith Cáin ar Tháirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPT) chun cinn nuair a dhéanann soláthraí a chéad soláthar de chainníocht táirgí leachta toitíní leictreonacha sa Stát . Ciallaíonn sé seo go bhfuil táirgí leachta toitíní leictreonacha incháinithe a tugadh isteach sa Stát, nó a tháirgtear sa Stát, á soláthar do dhuine eile ag an táirgeoir nó ag an iompórtálaí.

Agus an chéad soláthar seo á dhéanamh sa Stát, is é an táirgeoir nó an t-iompórtálaí Soláthraí Táirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPS).

Féadann an chéad soláthar sa Stát a bheith ag leibhéal mórdhíola nó miondíola. Má fhaightear na táirgí leachta toitíní leictreonacha incháinithe taobh amuigh den Stát, is é an duine a dhéanann an chéad soláthar sa Stát an soláthraí dliteanach.

Níl ach na chéad soláthairtí sa Stát faoi dhliteanas na cánach. Ní soláthairtí dliteanacha iad an dara soláthar ná soláthairtí ina dhiaidh sin.

Ní mheastar gur soláthraí dliteanach é mórdhíoltóir nó miondíoltóir má tá siad ag soláthar earraí a fuair siad sa Stát ó:

  • tháirgeoir
  • iompórtálaí.

Is é an EPS a dhéanann an chéad soláthar atá faoi dhliteanas cuntas a thabhairt ar an EPT agus an EPT a íoc. Tagann an dliteanas aníos nuair a dhéantar an chéad soláthar sa Stát. Is é seo an pointe ag a n-aistríonn an soláthraí úinéireacht, nó an ceart na hearraí a dhiúscairt, mar úinéir, chuig duine eile. Tá dliteanas i leith EPT fós i gceist le chéad soláthairtí a dhéantar saor ó tháille.

Ní mheastar gur soláthairtí dliteanacha iad chéad soláthairtí idir cuideachtaí gaolmhara (mar a shainítear iad in Acht na gCuideachtaí, 2014).

Ní thagann dliteanas chun cinn i leith EPT ó tháirgeadh táirgí leachta toitíní leictreonacha sa Stát.

Cé atá faoi dhliteanas EPT?

Eascraíonn dliteanas EPT nuair a dhéanann Soláthraí Táirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPS) an chéad soláthar de tháirgí leachta toitíní leictreonacha, sa Stát. Tá an EPS cuntasach agus ní mór dó an cháin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Is éard is EPS ann:

Cén chaoi a mbailítear EPT?

Bailítear EPT ar bhonn féinmheasúnaithe. Ciallaíonn sé nach mór don duine atá faoi dliteanas an cháin a íoc a ndliteanas canach a mheasúnú agus tuairisceán a thíolacadh a dhéanamh agus íocaíocht a dhéanamh ar an mbonn sin. Tá an tuairisceán faoi réir iniúchta agus seiceálacha comhlíontachta ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Cén chaoi a ngearrtar cáin ar an gcéad soláthar de tháirgí leachta toitíní leictreonacha taobh amuigh den Stát?

Nuair a dhéantar an chéad soláthar de tháirgí leachta toitíní leictreonach chuig duine nó gnó atá lonnaithe taobh amuigh den Stát, ní bhíonn an soláthar sin faoi dhliteanas EPT.

Le haghaidh mionsonraí maidir leis an gCáin ar Tháirgí Leachta Toitíní Leictreonach (EPT), féach ar an rannán Treoir bhreise.

Ar aghaidh: Clárúchán