Tháirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPT)

Clárúchán

Cé is gá clárú mar Sholáthraí Táirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPS)?

  • Mórdhíoltóirí a dhéanann a gcéad soláthairtí sa Stát de tháirgí leachta toitíní leictreonacha incháinithe a fuair siad taobh amuigh den Stát.
  • Miondhíoltóirí a dhéanann a gcéad soláthairtí sa Stát de tháirgí leachta toitíní leictreonacha incháinithe a fuair siad taobh amuigh den Stát.
  • Táirgeoirí a dhéanann a gcéad soláthairtí sa Stát de tháirgí leachta toitíní leictreonacha incháinithe a tháirgeann siad sa Stát.

Cé nach bhfuil orthu clárú mar Sholáthraí Táirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPS)?

  • Mórdhíoltóirí nó miondíoltóirí a dhéanann soláthar táirgí leachta toitíní leictreonacha incháinithe a fuarthas sa Stát.
  • Mórdhíoltóirí nó táirgeoirí sa Stát nach ndéanann soláthairtí ach amháin le custaiméirí taobh amuigh den Stát.

Cén chaoi le clárú

Tá an próiseas clárúcháin EPS ar fáil trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ní mór an clárúchán a bheith comhlánaithe sula gcuirfear tús le soláthairtí ábhartha a dhéanamh don chéad uair.

Le haghaidh mionsonraí maidir le Cáin ar Tháirgí Leachta Toitíní Leictreonacha (EPT), féach ar an rannán Treoir bhreise.

Ar aghaidh: Faoisimh