Éilimh idirnáisiúnta
Más cuideachta nó duine aonair neamhchónaitheach tú, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann aisíocaíocht nó díolúine a éileamh ó aon cháin Éireannach a n-íocann tú uirthi:
- ioncam
- pinsin
- íocaíochtaí úis.
Ní mór a bheith cónaitheach i dtír a bhfuil Conradh um Chánachas Dúbailte aici le hÉirinn.
Cén chaoi le héileamh a dhéanamh
Is ar a bhfuil tú ag déanamh éilimh ina leith a bhraitheann sé cén fhaisnéis a theastaíonn uait chun an t-éileamh a dhéanamh:
Scrúdaítear agus próiseáiltear gach éileamh de réir an méid seo a leanas:
- de réir théarmaí an Chomhaontaithe um Chánachas Dúbailte ábhartha
- An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997.
Tuilleadh eolais
Chun díolúine ó cháin sóinseála a éileamh, ba chóir Foirm 1 FD a chomhlánú. Tabhair an fhoirm do do bhaincéir nó do do bhróicéir roimh 15 Feabhra den bhliain ina dteastaíonn uait an díolúine a éileamh.
Ní bheidh ort an fhoirm a líonadh ach aon uair amháin. Beidh feidhm ag an díolúine chomh fada is a fhanfaidh tú a bheith neamhchónaitheach.
Féadfaidh sé gur choinnigh do bhaincéir nó do bhróicéir cáin sóinseála siar sa bhliain reatha. Murar íoc siad an cháin leis na Coimisinéirí Ioncaim, féadfaidh siad í a aisíoc leat.