Smuigleáil drugaí agus tobac

An Biúró um Shócmhainní Coiriúla

Bunaíodh an Biúró um Shócmhainní Coiriúla chun sócmhainní a eascraíonn as gníomhaíochtaí coiriúla a shainaithint, a urghabháil agus a fhiosrú.

Fiosraíonn an Biúró um Shócmhainní Coiriúla sócmhainní a eascraíonn as gníomhaíochtaí coiriúla, go háirithe sócmhainní ó thrádáil drugaí. Déanann na Coimisinéirí Ioncaim comhoibriú san obair seo trí fhoireann le taithí a sholáthar agus faisnéis ábhartha a nochtadh. Déanann muid idirghníomhú dlúth leis an mBiúró nuair is gá.