Smuigleáil drugaí agus tobac

Faisnéis agus oibríochtaí

Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis chun bealaí féideartha smuigleála drugaí a shainaithint i dtrácht paisinéirí agus lastais. Baintear úsáid as chun anailís a dhéanamh ar ghluaiseacht daoine agus earraí ar na bealaí sin. Chomh maith leis sin, úsáidtear é chun próifíliú, díriú agus faireachas gnáthaimh a dhéanamh ar dhaoine nó ar choinsíneachtaí.

Aonaid Mhuirí

Tá Aonad Muirí na gCoimisinéirí Ioncaim lonnaithe i gCorcaigh. Tá dhá chuitéar Custam ag feidhmiú ón aonad seo, is iad sin an R.C.C. Suirbhéir agus an R.C.C. Faire, chomh maith le báid righne inséidte. Tá ná báid ar fad á n-oibriú ag oifigigh oilte. Is é cuspóir na gcuitéar custam ná drugaí rialaithe a chosc, a bhrath, a idircheapadh agus a ghabháil, chomh maith le hearraí fioscacha, airm, armlóin, pléascáin, earraí toirmiscthe agus srianta smuigleáilte nó iompórtáilte go mídhleathach go hÉirinn nó a bhí beartaithe iad a easpórtáil amach as an Stát nó amach as an Aontas Eorpach (AE).Image of Revenue's customs cutter, the R.C.C. Suirbheir

Foirne Brathadóirí Madraí

Baineann na Coimisinéirí Ioncaim feidhm as aonaid brathadóirí madraí chun drugaí a bhrath ag suíomhanna straitéiseacha, lena n-áirítear ár gcalafoirt agus ár n-aerfoirt timpeall na tíre. I ngach aonad tá madra, láimhseálaí madraí, agus foireann tacaíochta. Tá na madraí traenáilte chun drugaí rialaithe a bhrath ar nós hearóin, cócaon, cannabas, amfataimíní agus eacstais. Chomh maith leis sin, tá foirne madraí ag na Coimisinéirí Ioncaim chun tobac agus airgead tirim a bhrath.

Tá na haonaid seo ar ghlao-dhualgas, 24 uair a chloig, 365 lá sa bhliain. Tacaíonn siad le gníomhaireachtaí forfheidhmithe eile nuair is gá chomh maith.

Image of Revenue's canine detector dog, TobyImage of Revenue's canine detector dog, Chip

Comhoibriú idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe eile Éireannacha

San áireamh sa chomhoibriú idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe Éireannacha, tá Comh-thascfhórsa ina bhfuil Custaim, an Garda Síochána agus an tSeirbhís Chabhlaigh má theastaíonn iad le haghaidh oibríochtaí muirí. Tá idirchaidreamh náisiúnta ag leibhéal áitiúil idir oifigigh ainmnithe Custam agus an Gharda Síochána chomh maith leis an malartú faisnéise idir an tAonad Forfheidhmithe Custam um an Dlí ar Dhrugaí agus Biúró an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe.

Tionscnamh maidir le Meabhrán Tuisceana

Is clár comhoibre é an tionscnamh Meabhráin Tuisceana idir na Coimisinéirí Ioncaim agus an lucht gnó chun smuigleáil a chosc, go háirithe smuigleáil drugaí. Tá nascanna againn leis na mílte comhlachtaí. Folaíonn na nascanna seo aerlínte, mearsheirbhísí cuiréireachta aeir, comhlachtaí loingseoireachta, údaráis aerfoirt agus chalafoirt, seoltóirí aerlasta, easpórtálaithe, tarlóirí bóthair agus comhlachtaí ceimiceán.

Tríd an tionscnamh, tugtar foráil d'oifigigh idirchaidrimh na gCoimisinéirí Ioncaim chun oiliúint a chur ar bhaill foirne comhlachtaí chun feasacht maidir le smuigleáil drugaí a ardú. Cuirtear comhairle phraiticiúil ar fáil chun cosc a chur ar fheithiclí a úsáid chun drugaí agus earraí contrabhanna a smuigleáil. Cuirtear bealaí cumarsáide réidhe ar fáil do bhaill foirne comhlachtaí chun cumarsáid a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Clár Ceimiceán Réamhtheachtaí

Tríd an gClár Ceimiceán Réamhtheachtach, éascaítear comhoibriú idir na Coimisinéirí Ioncaim agus tionscal na gceimiceán chun atreorú na gceimiceán d'aidhmeanna mhídhleathacha a bhrath.

Tá an clár deartha chun feasacht a ardú maidir leis an bhféidearthacht go bhfuil ceimiceáin dhlisteanacha á n-atreorú chun drugaí mídhleathacha a dhéanamh. Tá Oifigigh Idirchaidrimh um Cheimiceáin Réamhtheachtacha tiomnaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus tá siad lonnaithe ag na príomhláithreacha timpeall na tíre. Tá siad oilte maidir le ceimiceáin a láimhseáil agus a shainaithint. Is é an ról atá acu ná idirchaidreamh a chothú le trádálaithe ceimiceán chun gníomhaíochtaí amhrasacha a shainaithint.

Ar aghaidh: Comhoibriú idirnáisiúnta