Smuigleáil drugaí agus tobac

Faire Custam ar Dhrugaí

Cuireann na 3,000 ciliméadar de chósta na hÉireann a lán deiseanna ar fáil do smuigléirí drugaí chun a ngnó a dhéanamh. Is é cúram na gCoimisinéirí Ioncaim ná smuigleáil drugaí a chosc agus iad siúd atá bainteach le gníomhaíochtaí den chineál sin a ghabháil. Déanann muid patról ar cheantair chósta, agus is ríthábhachtach cabhair an phobail cois cósta, ó phearsanra muirí agus ó mhuintir luamhaireachta chun Éire a choinneáil slán.

Image of Revenue's customs cutter, the R.C.C. Suirbheir

Bí ar an airdeall don mhéid seo a leanas:

  • luaimh agus báid eile le feiceáil i gceantair iargúlta
  • criúnna ag tuirlingt i gceantair iargúlta
  • rudaí neamhghnácha ar mhuir, faoi uisce nó ar thír, amhail baoithe nó gairis chomharthaíochta
  • loingseoireacht mharsantach ar ancaire in aice le talamh nó le hoileáin
  • longa amach óna ngnáthlánaí loingseoireachta
  • longa ag déanamh comhartha leis an tír nó báid bheaga ag bualadh leo
  • árthaí ag feidhmiú san oíche gan soilse.

Má tá faisnéis ar bith agat maidir le smuigleáil drugaí, déan teagmháil:

  • le Faire Custam ar Dhrugaí ar an Uimhir Saorfón faoi Rún ar 1800 295 295
  • trí ríomhphost a sheoladh chuig NPC@revenue.ie.

Ar aghaidh: Forfheidhmiú Custam um an Dlí ar Dhrugaí