Smuigleáil drugaí agus tobac

Comhoibriú idirnáisiúnta

Leis an ngné idirnáisiúnta a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí, teastaíonn acmhainní agus modhanna atá dírithe ar dhéileáil leis an gcoir trasnáisiúnta seo.

Díríonn Straitéis Frithdhrugaí an Aontais Eorpaigh (AE) (2013–2020) ar sciúradh airgid agus atreorú ceimiceán réamhtheachtach (chun drugaí mídhleathacha a dhéanamh) a laghdú agus ar chomhoibriú éifeachtach idir custaim, na póilíní agus na húdaráis ionchúisimh. Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag leanúint ar aghaidh chun a bpáirt a ghlacadh trí dhul i ngleic le gáinneáil ar dhrugaí go hidirnáisiúnta agus le gníomhachtaí a bhaineann leis, agus trí chomhoibriú leis an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla, a bhfuil oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim ag feidhmiú ann.

An Líonra Idirchaidrimh Idirnáisiúnta - Oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim atá sannta thar lear

Tá cúigear oifigeach ag na Coimisinéirí Ioncaim sannta thar lear faoi láthair a bhfuil baint dhíreach acu sa mhalartú idirnáisiúnta faisnéise agus eolais. Oibríonn siad lenár Rannóg Custam agus lenár Rannóg Imscrúduithe agus Ionchúiseamh:

  • tá beirt oifigeach sannta don Bhuanionadaíocht sa Bhruiséil
  • tá oifigeach amháin (Attaché Custam) sannta d’Ambasáid na hÉireann i Londain
  • tá oifigeach amháin sannta do ceanncheathrú Europol sa Háig.
  • tá oifigeach amháin sannta don Lárionad Oibríochtaí agus Anailíse Muirí – Drugaí (MAOC-N), Liospóin (agus feidhmíonn sé mar Oifigeach Idirchaidrimh Custam don Phortaingéil, don Spáinn agus do Mharacó).

Faisnéis a Roinnt

Coinníonn oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim i dteagmháil le custaim agus le gníomhaireachtaí forfheidhmithe eile timpeall an domhain trí choinbhinsiúin idirnáisiúnta agus tríd an gCóras um Fhaisnéis Custam. Bunaíodh é seo chun malartú tapa agus éifeachtach faisnéise a dhéanamh idir Ballstáit AE maidir le gluaiseachtaí amhrasacha daoine agus earraí.

Is ball den Ghrúpa MAR-INFO (Faisnéis Mhuirí) é na Coimisinéirí Ioncaim, a bhfuil 20 tír Eorpacha ann. Faoin ngrúpa seo, ceadaítear aistriú faisnéise maidir le gluaiseacht coimeádán amhrasach, long agus luamh a aistriú.

Chomh maith leis sin, tá na Coimisinéirí Ioncaim mar bhall den Lárionad Oibríochtaí agus Anailíse Muirí – Drugaí, atá dírithe ar an mbagairt a bhaineann le gáinneáil ar chócaon isteach san AE a laghdú.

Le cabhair ó Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann, bíonn baint ag na Coimisinéirí Ioncaim le hoibríochtaí muirí idirnáisiúnta freisin. Tá sé mar chuspóir ag na hoibríochtaí seo árthaí a bhfuil amhras fúthu maidir le smuigleáil drugaí a aithint, a mhonatóiriú agus a idircheapadh.

Is sínitheoir í Éire le Coinbhinsiún Europol, a chabhraíonn le ballstáit chun dul i ngleic le coireacht eagraithe laistigh den Aontas Eorpach. Tá oifigeach na gCoimisinéirí Ioncaim sannta mar bhall den Aonad Náisiúnta Europol ag Ceanncheathrú an Gharda Síochána.

Ar aghaidh: An Biúró um Shócmhainní Coiriúla