Smuigleáil drugaí agus tobac

An Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí

Tá ionadaíocht ag na Coimisinéirí Ioncaim ar an gCoiste Náisiúnta Maoirseachta den Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí. Tuairiscíonn an Coiste Náisiúnta Maoirseachta don Aire Stáit ag an Roinn Sláinte atá freagrach as Cur Chun Cinn na Sláinte agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí. Tá an ghrúpa freagrach as athbhreithnithe a dhéanamh ar an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí agus polasaí a chur i bhfeidhm.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim tiomanta do líon na ndrugaí mídhleathacha atá ar fáil ar fud na tíre a laghdú. Tagann faoin gcuspóir 'Aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí díobhálacha a ghabhann le margaí drugaí mídhleathacha agus an rochtain ar dhrugaí le haghaidh úsáid dhíobhálach a laghdú' sa Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí.

Féadtar tuilleadh eolais maidir leis an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí a fháil ón Roinn Sláinte. 

Ar aghaidh: Faisnéis agus oibríochtaí