Tionscnamh fabhrach agus neamhfhabhrach

Léargas ginearálta

Is fachtóir i ndeimhniú na suime dleachta iníoctha é tír tionscnaimh earraí. Folaíonn na fachtóirí eile cineál agus luach na n-earraí.

Tá rátaí laghdaithe dleachta i gceist le hiompórtálacha Aontais Eorpaigh (AE) ó thíortha a bhfuil comhaontuithe trádála acu leis an AE. Baintear úsáid as Rialacha um thionscnamh fabhrach sna comhaontuithe seo chun cinneadh a dhéanamh faoi thír tionscnaimh na n-earraí iompórtáilte. Ag brath ar na Rialacha Tionscnaimh sa chomhaontú trádála cuí, féadtar an méid seo a leanas a úsáid mar chruthúnas ar thionscnamh fhabhrach:

  • dearbhú tionscnamh
  • eolas an iompórtálaithe
  • dearbhú sonraisc
  • Teastais Gluaiseachta EUR.1

Ba chóir duit féachaint ar an gcomhaontú trádála aonair i ndáil leis an gcruthúnas ar an tionscnamh fabhrach atá le húsáid. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar na comhaontuithe seo a leanas:

Gheobhaidh tú eolas ar an gcaoi le clárú chun an dearbhú tionscnamh a úsáid in Córas d’Easórtálaithe Cláraithe. Gheobhaidh tú eolas ar an Údarú atá le húsáid le haghaidh dearbhuithe sonraisc in Dearbhuithe Sonraisc.

Féadann easpórtálaithe fianaise thacaíochta a fháil ó sholáthraithe ina sonraítear tionscnamh a gcuid táirgí i bhfoirm dearbhuithe soláthraí.

Feidhmítear rialacha um thionscnamh neamhfhabhrach chun críocha eile seachas le haghaidh dleacht fhabhrach amháin. Baintear úsáid astu chun cinneadh a dhéanamh, mar shampla, má tá feidhm le trádbhaic nó Dleachtanna Frithdhumpála, nó le haghaidh staitisticí a thiomsú.

Cuireann an Coimisiún Eorpach an mioneolas seo a leanas ar na rialacha tionscnaimh ar fáil:

Féach treoir bhreise le haghaidh:

  • eolas breise ar rialacha tionscnaimh
  • cur i láthair ina dtugtar eolas maidir leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an Breatimeacht ar thrádáil faoi chomhaontuithe saorthrádála.

Tá foirmeacha EUR.1 ar fáil sna háiteanna seo a leanas:

Baile Átha Cliath

Teach Nua na gCustam
Bóthar an Phromanáid
Baile Átha Cliath 3
D03 W2T9.

Lastaí Aerfoirt
Aonad Éascaithe Trádála
Críochfort Lastaí
Aerfort Bhaile Átha Cliath
Co. Bhaile Átha Cliath
K67 D8P3.

Corcaigh

Áras na gCoimisinéirí Ioncaim
Bóthar na Deastógála
An Linn Dubh
Corcaigh
T23 W922.

Port Láirge

Oifigí an Rialtais
An Gleann
Port Láirge
X91 PO4E.

Loch Garman

Calafort Ros Láir
Ros Láir
Co. Loch Garman
Y35 PH74X.

Luimneach

Teach an tSáirséalaigh
Sráid Phroinsias
Luimneach
V94 R972.

Gaillimh

Geata na Cathrach
Faiche an Aonaigh
Gaillimh
H91 W26K.

Uimhir fóin na n-ionad uile: +353 (0)1 7383685.

Ar aghaidh: Córas d'Easpórtálaithe Cláraithe (REX)