Scéimeanna agus dámhachtainí seirbhíse agus feidhmíochta

Scéimeanna moltaí foirne

Féadfaidh fostóir cinneadh a dhéanamh scéim moltaí foirne a reáchtáil. Maidir le aon duaiseanna a thugann fostóir d'fhostaithe faoin scéim, is iondúil gur sochair chomhchineáil inchánach iad. Tá an fostaí inmhuirir i leith an tsochair faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) chun:

É sin ráite, féadfaidh fostóir an duais a thabhairt saor ó cháin, áfach, má chomhlíonann sé coinníollacha am Díolúine i leith Sochar Beag.

Duaiseanna fadseirbhíse

Féadfaidh fostóir cinneadh a dhéanamh duais fadseirbhíse a bhronnadh ar a bhfostaí. Ní sochar comhchineáil inchánach é an duais seo má chomhlíontar na coinníollacha seo go léir:

  • déantar an duais chun seirbhís fhada 20 bliain nó níos mó a aithint
  • is mír inláimhsithe í an duais (is é sin, ní dearbháin, bannaí ná airgead tirim)
  • is é €50 nó níos lú costas an duais do gach bliain seirbhíse
  • agus
  • níor bronnadh aon duais den chineál céanna ar an bhfostaí le cúig bliana anuas.

Mura gcomhlíontar na coinníollacha seo, tá an fostaí inmhuirir i leith an tsochair faoin gcóras  Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) chun:

É sin ráite, féadfaidh fostóir an duais a thabhairt saor ó cháin, áfach, má chomhlíonann sé coinníollacha am Díolúine i leith Sochar Beag.

Dámhachtainí scrúdaithe

Féadfaidh fostóir dámhachtain scrúdaithe a thabhairt dá bhfostaí. Is sochar comhchineáil inchánach go ginearálta é an duais seo. Tá an fostaí inmhuirir i leith an tsochair faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) chun:

É sin ráite, féadfaidh fostóir an duais a thabhairt saor ó cháin, áfach, má chomhlíonann sé coinníollacha am Díolúine i leith Sochar Beag.

Ina theannta sin, is féidir le fostóir dámhachtain saor ó cháin a sholáthar más aisíocaíocht ar chostais scrúdaithe nó cúrsa incheadaithe é an dámhachtain seo. Féach Scrúduithe, cúrsaí agus síntiúis ghairmiúla le haghaidh tuilleadh eolais.

Duaiseanna feidhmíochta eisceachtúla

Féadfaidh fostóir duais feidhmíochta eisceachtúil a íoc lena bhfostaí. Is sochar comhchineáil inchánach go ginearálta é an duais seo. Tá an fostaí inmhuirir i leith an tsochair faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) chun:

Féadfaidh fostóir an duais a thabhairt saor ó cháin, áfach, má chomhlíonann sé coinníollacha an Díolúine i leith Sochar Beag.