Sochair tríú páirtí

Féadann fostaí sochar a fháil ó thríú páirtí i ndáil lena bhfostaíocht. Go hiondúil, gearrtar cáin orthu seo mar shochair chomhchineáil (SC). Tá an fostaí inmhuirir i leith an tsochair faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) don méid seo a leanas:

Tá an tríú páirtí a chur an sochar ar fáil freagrach as cuntas a thabhairt ar an dliteanas cánach.

Sochair incháinithe tríú páirtí tipiciúla is ea an méid seo:

  • airgead tirim
  • peorcais
  • úsáid carranna agus veaineanna.

Sochair eile tríú páirtí

Is iondúil go mbíonn sochair eile tríú páirtí incháinithe. Ní ghearrfar cáin orthu mar SC má tá an méid seo a leanas i gceist:

  • Mura bhfuil ceangal ag an bhfostóir, go díreach nó go hindíreach, ar aon bhealach le soláthraí tríú páirtí an tsochair.
  • Mura bhfuil aon socrú nó scéim i bhfeidhm idir an fostóir agus an tsoláthraí tríú páirtí, nó le haon duine ceangailte leis an bhfostóir.
  • Mura bhfuil aon suim íoctha ag an bhfostóir, go díreach nó go hindíreach, i dtreo an tsochair.