Nuair a chuirtear deireadh le fostaíocht

Nuair a aistríonn fostaí chuig brainse eile

Is féidir le fostaí aistriú chuig brainse eile sa chomhlacht céanna. Ní mór don fhostóir dáta scoir a chur ar an tíolacadh párolla don íocaíocht deiridh, má tá feidhm ag an méid seo a leanas uile:

  • Má aistríonn fostaí ó bhrainse amháin go ceann eile.
  • Má chaitear le gach brainse mar bhrainse ann féin, lena uimhir chlárúcháin féin.
  • Má dhéantar tuairisceáin fostóra ar leithligh ó gach ceann de na brainsí.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí i bhfoirm riaráistí le fostaí nach maireann