Nuair a chuirtear deireadh le fostaíocht

Íocaíochtaí a dhéantar tar éis a fhágann fostaí

Is féidir le fostóir íocaíocht a dhéanamh le fostaí tar éis a bhfostaíocht a bheith scortha acu. Braitheann an próiseas chun na híocaíochtaí seo a thuairisciú ar cé acu a dhéantar an íocaíocht:

  • le linn na bliana
  • taobh amuigh den bhliain.

Íocaíochtaí a rinneadh le linn na bliana a imíonn fostaí

Is é seo a leanas an próiseas don fhostóir le híocaíocht iar-scoir a thuairisciú sa chás go scoireann an fostaí den fhostaíocht sa bhliain reatha cánach:

  • Cuardaigh an Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) atá ar fáil don fhostaí.
  • Déan tíolacadh párolla don íocaíocht iar-scoir.
  • Cuir aitheantas na fostaíochta bunaidh isteach agus an dáta bunaidh scoir.
  • Cuir an dáta íocaíochta isteach (is é seo an dáta a dhéantar an íocaíocht iar-scoir).

Íocaíochtaí a rinneadh taobh amuigh den bhliain a imíonn fostaí

Is é seo a leanas an próiseas don fhostóir le híocaíocht iar-scoir a thuairisciú sa chás go scoireann an fostaí den fhostaíocht sa bhliain roimhe:

  • Iarr iarratas FPCI nua.
  • Ná cuir dáta tosaigh fostaíochta san áireamh.
  • Déan tíolacadh párolla le haghaidh na híocaíochta iar-scoir.
  • Cuir aitheantas na fostaíochta bunaidh isteach agus an dáta bunaidh scoir.
  • Cuir an dáta íocaíochta isteach (is é seo an dáta a dhéantar an íocaíocht iar-scoir).

Ar aghaidh: Nuair a théann fostaí ar scor