Tá teach ag Máire (ar luach €80,000) le morgáiste (€20,000), carr (€5,000), agus cuntas taiscthe bainc (€2,000). Ní teach feirme é a teach. Faighean sí talamh feirme (€300,000) mar bhronntanas, chomh maith le beostoc agus innealra feirme (€50,000). An sásaíonn Máire an tástáil sócmhainní chun críocha Faoisimh Talmhaíochta?
Samplach d’Fhaoiseamh Talmhaíochta
| Sócmhainn | Maoin Talmhaíochta | Maoin Uile |
| Teach |
€60,000 |
| Carr |
€5,000 |
| Taisce Bhainc |
€2,000 |
| Talamh feirme |
€300,000 |
€300,000 |
| Beostoc & Innealra |
€50,000 |
€50,000 |
| Iomlán |
€350,000 |
€417,000 |
Is é luach margaidh comhlán sócmhainní Mháire tar éis di an bronntanas a fháil ná €417,000; agus is é €350,000 luach margaidh comhlán a sócmhainní talmhaíochta. (€350,000/€417,000) x 100 = 83.9%.
Sásaíonn Máire an tástáil sócmhainní chun críocha an Fhaoisimh.