Faoiseamh Talmhaíochta

Céard is maoin talmhaíochta ann?

Is éard is Maoin Talmhaíochta ann ná:

  • talamh talmhaíochta, féarach agus coillearnach (atá san Aontas Eorpach nó sa Ríocht Aontaithe)
  • barra, crainn agus roschoill ina fhás ar thalamh den chineál sin
  • foirgnimh fheirme agus tithe cónaithe ar an talamh sin
  • beostoc, stoc folaíochta agus innealra feirme ar an maoin
  • teidlíochtaí d’íocaíochtaí feirme faoi Rialacháin an AE
  • cuótaí bainne sa chás gur aistríodh iad le talamh talmhaíochta (cleachtas na gCoimisinéirí Ioncaim). 

Roimh 20 Samhain 2008, níor áiríodh mar mhaoin talmhaíochta ach talamh, féarach agus coillearnach amháin.

Ní mór go gcáileodh an mhaoin mar mhaoin talmhaíochta ar dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta agus ar an dáta luachála araon. Is é an dáta luachála an dáta a ndéantar luacháil ar an maoin chun críocha cánach.

Maidir le scaireanna i gcuideachta a ndíorthaítear a luach ó mhaoin talmhaíochta, ní cháilíonn siad don Fhaoiseamh Talmhaíochta, ach féadfaidh sé go gcáileoidh siad don Fhaoiseamh Gnó.

Le hAcht Airgeadais, 2017, leathnaíodh an chiall le maoin talmhaíochta agus tá san áireamh anois talamh ar a suiteáiltear painéil ghréine agus fearas breise. Ní fhéadann achar na talún a bheith níos mó na leath den talamh san áireamh sa bhronntanas nó oidhreacht.

Ar aghaidh: Céard iad na coinníollacha le haghaidh an Fhaoisimh Talmhaíochta?