Faoiseamh Talmhaíochta

Cén chaoi a n-éilítear an Faoiseamh Talmhaíochta?

Bain úsáid as moChúrsaí nó Seirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun an Faoiseamh Talmhaíochta a éileamh trí do thuairisceán IT38.

Ní mór duit tuairisceán IT38 a thíolacadh má tá faoiseamh talmhaíochta á éileamh agat ar bhronntanas nó oidhreacht. Beidh feidhm aige seo fiú mura sáraíonn luach iomlán incháinithe na sochar roimhe seo 80% den tairseach chuí nuair a chuirtear iad le luach incháinithe an tsochair cháilithigh reatha don fhaoiseamh.