Faoiseamh Talmhaíochta
An bhféadtar an Faoiseamh Talmhaíochta a tharraingt siar nó a aisghlámadh?
Féadtar Faoiseamh Talmhaíochta a tharraingt siar nó a aisghlámadh sna cúinsí seo a leanas:
- Má dhéantar aon chuid den mhaoin (seachas barra, crainn, agus casarnacha) a dhiúscairt nó má thógtar go héigeantach í:
- taobh istigh de shé bliana ó bhronntanas nó oidhreacht a fháil
- agus
- mura gcuirtear maoin talmhaíochta eile ina háit
Is é an teorainn ama le hathinfheistiú a dhéanamh i maoin talmhaíochta athsholáthair ná taobh istigh de bhliain ón díolachán, nó sé bliana ón bhfáltas éigeantach.
Braitheann méid an t-aisghlámadh ar shuim na bhfáltas nach n-athinfheistítear i maoin talmhaíochta. Má athinfheistítear na fáltais iomlána, níl aon aisghlámadh faoisimh i gceist. Mura n-athinfheistítear ach cuid de na fáltais iomlána, tá aisghlámadh páirteach ar an bhfaoiseamh i gceist. Má íoctar CGC ar dhiúscairt, ní gá ach na glanfháltais atá ar fáil tar éis na híocaíochta CGC a athinfheistiú.
Ní gá go ndéantar athinfheistíocht ar an gcineál maoin talmhaíochta céanna. Mar shampla, d’fhéadfaí fáltais ó dhíol beostoic a athinfheistiú i dtalamh nó innealra gan an faoiseamh a chailleadh.
- Nuair atá dáta an bhronntanais nó oidhreachta agus an dáta luachála ar an 1 Eanáir 2015 nó dá éis, féadtar faoiseamh a tharraingt siar más rud é:
- nach mbíonn tú i mbun feirmeoireachta ar an maoin ar feadh 50% ar a laghad de d’uaireanta oibre
- nó
- nach ndéanann tú feirmeoireacht ar an maoin ar bhonn tráchtála ar feadh sé bliana ar a laghad ón dáta sin
Roimh an 7 Feabhra 2012, bhí ort a bheith cónaitheach sa stát ar feadh trí bliana tar éis dháta an bhronntanais nó oidhreachta. Ní fheidhmítear aon riachtanais chónaitheachta tar éis an 8 Feabhra 2012.
Ar aghaidh: Cén chaoi a n-éilítear an Faoiseamh Talmhaíochta?