Ag bogadh go hÉirinn ó thaobh amuigh den AE

Léargas ginearálta

Má tá tú ag bogadh ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) chun do ghnáthchónaí a thosú in Éirinn, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann faoiseamh a éileamh ó Dhleacht Custam agus ó Cháin Bhreisluacha (CBL). Baineann an faoiseamh seo le hiompórtálacha ar:

  • maoin phearsanta áirithe (áirítear leis seo earraí éadaí úsáidte) agus earraí tí, lena n-airítear iad siúd de chuid baill de do theaghlach
  • rothair agus gluaisrothair, carranna príobháideacha, leantóirí, carbháin, árthach pléisiúir agus eitleáin príobháideacha
  • agus
  • Cófra brídeoige (éadaí brídeoige agus grúim, linéadach agus earraí pearsanta eile a úsáidtear le haghaidh pósadh) agus bronntanais phósta más rud é, ar phósadh, go bhfuil tú ag bogadh chun cónaí sa Stát.

Níl aon fhaoiseamh ó Dhleacht Custam agus CBL ar an méid seo a leanas:

  • táirgí alcóil nó táirgí tobac ar cuid de do mhaoin phearsanta iad, seachas na gnáthliúntais eile saor ó dhleacht atá ar fáil do thaistealaithe (féach an t-eolas ar thaisteal ó thaobh amuigh den AE)
  • uirlisí a úsáidtear i gceird
  • feithiclí tráchtála.

Níl aon mhaoin a iompórtáladh chun críocha tráchtála incháilithe le haghaidh faoisimh. Má tá do ghnó á bhogadh agat chuig an Stát, áfach, féadfaidh sé go bhfuil tú incháilithe le haghaidh faoisimh, áirítear trádálaithe aonair leis seo. Féach eolas ar Faoiseamh ó Dhleacht Custam agus ó CBL ar aistriú gnó chuig an AE.

Tá cosc ar earraí áirithe agus tá earraí eile faoi réir coinníollacha nó féadfaidh sé go dteastaíonn ceadúnas lena n-aghaidh. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach thoirmisc agus srianta.

Má thugann tú d’earraí isteach go hÉirinn, ach má tá sé i gceist agat cónaí i mBallstát eile, ní mór duit:

  • d’earraí a chur faoi bhráid na n-údarás Custam sa Bhallstát eile
  • agus
  • an nós imeachta idirthurais a úsáid chun d’earraí a bhogadh ó Éirinn go dtí an Ballstát eile.

Gheobhaidh tú eolas ar na rialacha a bhaineann le faoiseamh ó Cháin Cláraithe Feithiclí (CCF) inár rannán Treoir maidir leis an CCF. Má tá tuilleadh eolais uait ar d’iarratas CCF maidir le cónaitheacht a aistriú, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an aonad CCF.

Ar aghaidh: Céard iad na rialacha a bhaineann leis an bhfaoiseamh?