Buansochar Sláinte

Féadfaidh sé go mbeidh tú as láthair ón obair mar gheall ar bhreoiteacht nó díobháil. Tá scéimeanna ann, ar a dtugtar pleananna leanúnachas ioncaim, a leanann de thú a íoc i rith na tréimhse asláithreachta seo. Má íocann tú isteach i scéim mar sin, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann faoiseamh cánach a éileamh faoi chúinsí áirithe.

Féach an leathanach ar Ranníocaíochtaí Buansochair Sláinte le haghaidh tuilleadh eolais ar na coinníollacha cáilitheacha le haghaidh faoiseamh cánach.