Cuir isteach ar aisíocaíocht Dleachta Stampa faoin Scéim Aisíocaíochta um an Dleacht Stampa ar Fhorbairtí Cónaithe

Féadtar aisíocaíocht Dleachta Stampa a éileamh faoi Scéim Aisíocaíochta na Dleachta Stampa ar Fhorbairtí Cónaithe nuair a thosaíonn tú ar aonad teaghaise aonair, nó forbairt aonad iomadúil teaghaise a thógáil. Ba chóir duit cinntiú go sásaíonn tú coinníollacha na scéime aisíocaíochta roimh éileamh a dhéanamh.

Éileamh a dhéanamh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Féadtar an t-éileamh a dhéanamh tríd an áis ríomh-Aisíocaíochtaí ar ROS más duine de na daoine seo thú:

  • an duine a thíolaic an tuairisceán Dleachta Stampa trí ROS
  • an duine cuntasach agus má tá tú cláraithe le haghaidh ROS, nó má fhéadann tú clárú le haghaidh ROS.

Teastóidh deimhniú digiteach ROS chun an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí ROS a úsáid.

Sa guide to Completing a Residential Development Stamp Duty Refund Claim through ROS tá gabhálacha scáileáin chun cabhrú leat éileamh a dhéanamh tríd an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí ROS.    

Éileamh a dhéanamh trí moChúrsaí

Más tú an duine cuntasach agus mura bhféadtar clárú le haghaidh ROS, ba chóir duit an t-éileamh a dhéanamh tríd an áis ríomh-Aisíocaíochtaí ar moChúrsaí.

Sa guide to Completing a Residential Development Stamp Duty Refund Claim through myAccount tá gabhálacha scáileáin chun cabhrú leat éileamh a dhéanamh tríd an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí ar moChúrsaí.  

Céard a theastaíonn chun éileamh a dhéanamh?

Chun d’éileamh a dhéanamh leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí, teastóidh an méid seo a leanas:

  • Aitheantas Doiciméid an tuairisceáin Dleachta Stampa (féadtar é seo a fháil ag barr an tuairisceáin)
  • Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) agus Cód Aitheantais Bainc (BIC) do chuntais bainc sa chás go bhfuil Treoir Dochair de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim socraithe agat le haghaidh Dleacht Stampa
  • Dearbhú Reachtúil sínithe
  • Ráiteas sínithe um dhaoine cuntasacha – ní theastaíonn sé seo ach amháin nuair atá níos mó ná duine cuntasach amháin ann
  • cóip den ríomhphost ón Údarás Rialaithe Tógála cuí ina n-admhaítear go bhfuil an Fógra Tosach Feidhme nó Fógra 7 Lá bailí. 

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar an rannán ‘Seirbhísí Eile’ sa réimse ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ar ROS.
  • Cliceáil ar an gcárta ‘Éilimh r-Aisíocaíochta’.

Féadtar teacht ar an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Sa rannán ‘Seirbhísí Cánach’ in moChúrsaí, féach ar an gcárta ‘Íocaíochtaí/Aisíocaíochtaí’.
  • Cliceáil ar ‘Aisíocaíochtaí Leictreonacha’.