Éileamh a thíolacadh faoin Scéim Tabhartas Carthanúil

Leis an tseirbhís ar líne seo, féadann carthanais éileamh a thíolacadh faoin Scéim Tabhartas Carthanúil (STC).

Féadtar tuilleadh eolais ar choinníollacha na scéime a fháil sa rannán Scéim Tabhartas Carthanúil.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís chun faoiseamh cánach a éileamh

Féadtar éileamh a thíolacadh trí síniú isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus na céimeanna thíos a leanúint:

  • Faoin rannán ‘Tuairisceán a Thíolacadh’, cliceáil ar ‘Comhlánaigh Foirm ar Líne’.
  • Roghnaigh an cineál cánach ‘Tabhartais Charthanúla’ agus an fhoirm ‘CDS1’.
  • Cliceáil ar 'Tíolaic Tuairisceán'.
  • Roghnaigh an tréimhse STC ar mian leat tíolacadh a dhéanamh ina leith.
  • Cuir isteach sonraí an tabhartais agus cliceáil ar ‘Cuir Tabhartas Leis’.
  • Cliceáil ar 'Lean ar aghaidh' chun an t-éileamh a shíniú agus a thíolacadh.

Chun foirmeacha a chomhlánaíodh as líne a thíolacadh

Tá an fhormáid seo oiriúnach le haghaidh éileamh ina bhfuil líon mór deontóirí. Cruthaigh scarbhileog Excel le sonraí na ndeontóirí. Is gá an comhad Excel a chruthú i bhformáid shonrach agus é a shábháil mar chomhad CSV (comhad teormharcáilte).

Chun tuilleadh eolais a fháil agus sampla de chomhad CSV, féach ar schemas and notes do Thabhartais Charthanúla.

Nuair atá an comhad CSV as líne comhlánaithe agat. Sínigh isteach ar ROS agus lean na céimeanna thíos:

  • Faoin rannán ‘Tuairisceán a thíolacadh’, cliceáil ar ‘Uaslódáil Foirm a Comhlánaíodh As líne’.
  • Roghnaigh ‘Tabhartais Charthanúla’ ón liosta anuas.
  • Cliceáil ar 'Uaslódáil Tuairisceán'.
  • Ón áis uaslódáil comhaid, cliceáil ar ‘Cuir Comhaid Leis’.
  • Roghnaigh an comhad CSV cuí ó do chóras áitiúil.
  • Cuir isteach do phasfhocal.
  • Cliceáil ar ‘Uaslódáil Comhaid’ chun an comhad a thíolacadh chuig ROS.

Eiseofar uimhir fógra chugat nuair a éiríonn le do chomhad uaslódáil go rathúil.

Ba chóir go gcuirfeadh an carthanas sonraí bainc ar fáil mar seo trí ROS chun an aisíocaíocht a éascú ar bhonn aonuaire. Chunb na sonraí seo a chur ar fáil, is gá duit síniú isteach ar ROS agus na céimeanna thíos a chomhlánú:

  • Faoin rannán ‘Íocaíochtaí & Aisíocaíochtaí’, roghnaigh ‘Bainistigh Cuntais Bhainc’.
  • Faoi 'Aisíocaíochtaí', roghnaigh ‘Ríomhaistriú airgid a riar’.
  • Roghnaigh 'STC' ón liosta cineál na cánach agus cliceáil ar ‘Cuir isteach’.
  • Cuir IBAN agus BIC isteach sna réimsí cuí agus roghnaigh ar aghaidh.
  • Cuir isteach na sonraí ceannann céana le fíorú go bhfuil an t-eolas ceart.
  • Sínigh agus Tíolaic chuig ROS.