Bainistigh do chuid admhálacha leis an rianaire admhálacha

Féadtar uaslódáil agus ag féachaint ar shonraí admhálacha trí úsáid a bhaint as an tseirbhís Rianaire Admhálacha ar moChúrsaí nó ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Beidh na hadmhálacha agus íomhánna a uaslódálann tú ar fáil chun cabhrú leat agus do Thuairisceán Cánach Ioncaim á chomhlánú agat. Féadfaidh tú éileamh a dhéanamh ar chreidmheasanna cánach i bhfíor-am ar chostais sláinte a íocadh agus a uaslódáladh sa bhliain reatha. 

Má uaslódálann tú d’admhálacha agus íomhánna, ní bheidh ort na hadmhálacha bunaidh a choinneáil. Mura n-uaslódálann tú na híomhánna de do chuid admhálacha chuig an tseirbhís Rianaire Admhálacha, ní mór duit do chuid admhálacha bunaidh a choinneáil ar feadh sé bliana.

Féadtar teacht ar an tseirbhís Rianaire Admhálacha ar:

  • moChúrsaí faoi na cártaí ‘Seirbhísí ÍMAT’ agus ‘Bainistigh Mo Thaifead’
  • agus
  • ROS faoin rannán ‘Seirbhísí Eile’.

Féadtar sonraí admháil agus íomhánna a thagann faoi na catagóirí seo a leanas a uaslódáil:

Tabhair do d’aire

Féadfaidh sé go mbeidh ort Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú d’fhonn creidmheasanna cánach nó faoisimh chánach a éileamh. Tá do Thuairisceán Cánach Ioncaim lonnaithe faoin nasc “Déan athbhreithniú ar do cháin” in moChúrsaí.

Braithfidh an cineál faisnéise nach mór duit a chur san áireamh ar chineál an chostais agus ar an mbliain a íocadh í. Mar shampla, tá sé éigeantach íomhá d’admháil a chur san áireamh le haghaidh costais Sláinte agus costais cianoibre a íocadh ó 2021 ar aghaidh.

Féadfaidh tú sonraí agus íomhanna d’admhálacha a uaslódáil sa Rianaire Admhálacha trí na céimeanna seo a leanas a leanúint:

  1. Roghnaigh ‘Cuir Admháil Nua Leis’
  2. Cuir isteach sonraí in ‘Dáta ar íocadh an costas’
  3. Roghnaigh an ‘Chatagóir agus an ‘Fochatagóir’ ón liosta anuas atá ar fáil
  4. Lean na leideanna ar an scáileán agus comhlánaigh na réimsí éigeantacha a bhfuil bainteach le catagóir an costas. Féadfaidh tú íomhánna d’admhálacha, trí íomhá nó PDF ar a mhéad, a uaslódáil faoi ‘Uaslódáil doiciméid admhála’. Tá sé tábhachtach a thabhairt do d’aire nuair atá íomhá admhála nó PDF á uaslódáil agat, nach féidir leis an méid a bheith níos mó ná 2MB. Seiceáil do ghléas féin le haghaidh treoracha ar cén chaoi le méid íomhá nó PDF a athrú 
  5. Nuair a bheidh d’íomhánna admhálacha agus gach faisnéis éigeantach uaslódáilte agat, cliceáil ar ‘Cuir Admháil Leis’
  6. Gheobhaidh tú fógra ar an scáileán ansin gur cuireadh d’admhálacha leis go rathúil
  7. Sa scáileán seoféadfaidh tú na naisc a leanúint chun admháil eile a chur leis nó filleadh ar achoimre ar do chuid admhálacha. Féadfaidh tú éileamh a dhéanamh ar chreidmheasanna cánach i bhfíor-am ar chostais sláinte a íocadh sa bhliain reatha.

Féadfaidh tú nasc tapaidh a chuig suíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim a chruthú ar leathanach baile do ghléis mhóibíligh ach na céimeanna seo a leanas a leanúint:

iOS

  1. Tosaigh Safari ar do ‌iPhone‌ nó ‌iPad‌
  2. Téigh chuig an leathanach logála isteach do moChúrsaí nó ROS ar www.revenue.ie
  3. Roghnaigh an íomhá Share (an chearnóg le saighead ag síneadh amach as) ag bun an scáileáin
  4. Roghnaigh 'Add to Home Screen'
  5. Beidh tú in ann ainm a chur isteach don aicearra
  6. Roghnaigh 'Add' agus cuirfear an t-aicearra le Leathanach Baile do ghléis mhóibíligh. 

Córas Oibriúcháin Android

  1. Tosaigh Chrome ar d’fhón móibíleach nó táibléad
  2. Téigh chuig an leathanach logála isteach do moChúrsaí nó ROS ar www.revenue.ie
  3. Roghnaigh an deilbhín menu (3 spota) sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar bharr
  4. Roghnaigh 'Add to Home Screen'
  5. Beidh tú in ann ainm a chur isteach don aicearra
  6. Roghnaigh 'Add' agus cuir ar do leathanach baile é.

Tá físeán gairid thíos ar an gcaoi le hadmhálacha a uaslódáil ag baint úsaid as an Rianaire Admhálacha in moChúrsaí.