Aisíocaíocht chánach a éileamh má tá tú dífhostaithe

Ba chóir do d’fhostóir na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas agus tú ag fágáil do phoist. Cuirfidh siad dáta scoir ar do thíolacadh deiridh párolla. Léireofar air seo do chuid sonraí don bhliain maidir leis an méid seo a leanas  (suas go dtí an dáta fágála fostaíochta):

Beidh sé seo ar fáil duit le féachaint air in moChúrsaí.

Féach Tréimhsí dífhostaíochta le haghaidh sonraí ar an gcaoi le aisíocaíocht chánach agus MSU a éileamh má tá tú dífhostaithe.

Tabhair do d’aire:

Má loiceann d’fhostóir muid a chur ar an eolas go bhfuil do sheanphost scortha, féadtar úsáid a bhaint as moChursaí chun do sheanphost a scor.

Roghnaigh ‘Uasdátaigh Post nó Pinsean’ ar an gcárta ‘Seirbhísí ÍMAT’ chun é seo a dhéanamh.