Liúntas do Mharaithe, Creidmheas Cánach d'Iascairí agus Creidmheas Cánach Pearsanra Cabhlaigh Farraige

An Creidmheas Cánach d'Iascairí

Féadtar an Creidmheas Cánach d'Iascairí a éileamh:

  • más fostaí Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) thú nó má íocann tú cáin trí fhéinmheasúnú
  • má tá tú cónaitheach sa Stát
  • Má chaith tú ar a laghad 80 lá ar muir agus tú ag gabháil d'iascaireacht go gníomhach (is é sin,  iascaireacht le haghaidh iasc farraige nó iasc farraige a ghabháil)
  • agus
  • go bhfuil d'árthach iascaireachta:
    • ceadúnaithe ag Ballstát den Aontas Eorpach (AE) agus má tá sé cláraithe ar chlár cabhlaigh iascaigh an AE
    • cláraithe ar chlár comhionann arna rialú ag an Ríocht Aontaithe (RA).

Más iascaire páirtaimseartha thú, beidh tú i dteideal an creidmheasa ar choinníoll go gcomhlíonann tú na coinníollacha thuas.

Is é an Creidmheas Cánach d’Iascairí ná €1,270 sa bhliain. Féadfaidh tú an creidmheas seo a fhritháireamh in aghaidh d'ioncaim iomláin, is é sin, ioncam ó iascaireacht agus ó fhoinsí eile.

Ní fhéadfaidh tú Liúntas do Mharaithe a éileamh sa bhliain chéanna leis an gCreidmheas Cánach d'Iascairí. Féadtar tuilleadh eolais faoi na coinníollacha cáilitheacha a fháil sa Tax and Duty Manual Part 15-01-45.

Cad a cháilíonn mar lá ar muir?

Ciallaíonn lá ocht n-uaire an chloig, ar a laghad, ar muir laistigh de thréimhse 24 uair an chloig. Féadtar na hocht n-uaire seo a charnadh i gcaitheamh roinnt aistir iascaireachta i dtréimhse 24 uair an chloig.

Céard a cháilíonn mar aistear iascaireachta?

Tosaíonn aistear iascaireachta ón uair a fhágann tú an port chun tabhairt faoi iascaireacht agus tugtar chun críche an t-aistear nuair a fhilleann tú ar an bport. Má fhilleann tú mar gheall ar anacair amháin, ní mheasfar gurb ionann seo agus filleadh a fhad agus a leanann tú ar aghaidh leis an aistear arís ina dhiaidh sin.

Céard iad na cineálacha iascaireachta a cháilíonn?

Is é an cineál iascaireachta a chumhdaítear ná iascaireacht d’aon chineál éisc a dtagtar orthu san fharraige, crústaigh agus moilisc san áireamh. Ní áirítear leis bradán, eascanna fionnuisce nó ainmhithe dobharshaothraithe. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Tax and Duty Manual Part 15-01-45.

Má tá iascaireacht nó dreidireacht á déanamh agat díreach ar mhaithe le cuspóirí eolaíochta, taighde nó oiliúna, níl tú cáilitheach.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh más cáiníocóir ÍMAT thú

Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun Creidmheas Cánach d’Iascairí a éileamh ná trínár seirbhís ar líne a úsáid, moChúrsaí. Faigheann formhór na ndaoine a éilíonn an faoiseamh seo ar líne a n-aisíocaíocht chánach, nuair atá sé dlite dóibh, laistigh de chúig lá oibre.

Féadtar moChúrsaí a úsáid chun Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú don bhliain ar mian leat éileamh a dhéanamh ina leith. 

Éileamh a dhéanamh don bhliain reatha

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí nó ROS.
  2. Cliceáil ar ‘M’Fhiosruithe’.
  3. Roghnaigh ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’.
  4. Ní mór d'úsáideoirí ROS catagóir a roghnú ón roghchláir anuas, faoi 'Baineann an fiosrú le' agus 'Níos beaichte'.
  5. Cuir isteach d’fhiosrú sa bhosca ‘Sonraí an Fhiosraithe’.
  6. Deimhnigh do sheoladh ríomhphoist.
  7. Cliceáil ar ‘Tíolaic Fiosrú’ chun an próiseas a chur i grích.

Éileamh a dhéanamh do bhliain roimhe seo

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin don 4 bliana roimhe sin’ i 'Seirbhísí ÍMAT'.
  3. Iarr Ráiteas Dliteanais.
  4. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
  5. Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Do phost-Creidmheas Cánach Iascairí’ agus cuir leis é mar chreidmheas cánach.
  6. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Má dhéantar measúnú comhpháirteach ort, ní mór don chéile inmheasúnaithe nó don páirtnéir sibhialta ainmnithe iarratas a dhéanamh.

An chaoi le héileamh a dhéanamh má tá tú faoin mbonn féinmheasúnaithe

Féadtar an creidmheas a éileamh do 2022, 2023, 2024 agus 2025. Féadtar é seo a dhéanamh trí do Thuairisceán Bliantúil Cánach Ioncaim (Foirm 11) a chomhlánú trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Chun an creidmheas a éileamh, comhlánaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim agus lean na céimeanna seo:

  1. Sínigh isteach ar ROS.
  2. Oscail an scáileán ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
  3. Cliceáil ar ‘Tíolaic Tuairisceán’.
  4. Roghnaigh ‘Cáin Ioncaim ’ ón roghchlár anuas
  5. Roghnaigh an bhliain chánach ar mian leat tuairisceán a thíolacadh ina leith.
  6. Aimsigh an rannán 'Creidmheasanna Cánach Pearsanta' sa tuairisceán
  7. Roghnaigh 'Creidmheas Cánach Iascairí' agus cuir isteach an fhaisnéis a iarrtar.

Ar aghaidh: Creidmheas Cánach Pearsanra Cabhlaigh Farraige