Liúntas do Mharaithe, Creidmheas Cánach d'Iascairí agus Creidmheas Cánach Pearsanra Cabhlaigh Farraige
Liúntas do Mharaithe
Chun cáiliú don Liúntas do Mharaithe, ní mór duit:
- a bheith ar muir ar feadh 161 lá, ar a laghad, i gcaitheamh na bliana
- tabhairt faoi do chuid oibre go hiomlán ar shoitheach muirghabhála fad agus a bhíonn tú ar thuras idirnáisiúnta
- gan a bheith i d’fhostaí sa tSeirbhís Phoiblí
- gan a bheith tar éis Bonn bliana scoilte a éileamh i leith an ioncaim a thuilltear
- agus
- a bheith ar aistear a thosaíonn, nó a chríochnaíonn, i bport taobh amuigh d’Éirinn.
Is éard is soitheach muirghabhála ann ná long (seachas árthach iascaireachta) nach n-úsáidtear ach amháin chun paisinéirí nó lastas a iompar ar mhaithe le híocaíocht. Ní mór é a bheith cláraithe:
- i gclár loingseoireachta de chuid Ballstáit Aontais Eorpaigh (an AE)
- nó
- i gclár comhionann arna rialú ag an Ríocht Aontaithe (RA).
Meastar gur calafort é rige nó ardán atá suite in aon limistéar muirí.
Meastar go bhfuil tú as láthair ó Éirinn ar feadh lae má tá tú as láthair ag meán oíche.
Cé mhéid de liúntas a bhíonn ar fáil?
Tá tú i dteideal liúntas €6,350 a fháil, ar fáil ag do ráta is airde cánach agus cuirtear é seo in aghaidh d’ioncaim mar mharaí. Ní fhéadtar an liúntas a úsáid in aghaidh aon ioncam eile.
Cén chaoi a n-éilítear an liúntas?
Má tá tú i do cháiníocóir Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT)
An bealach is tapúla agus is éasca chun an Liúntas do Mharaithe a éileamh ná ár seirbhís ar líne, moChúrsaí, a úsáid. Faigheann formhór na ndaoine a éilíonn an faoiseamh seo ar líne a n-aisíocaíocht chánach, má tá sí dlite, laistigh de chúig lá oibre.
Féadtar moChúrsaí a úsáid chun foirm Cánach Ioncaim a chomhlánú don bhliain ar mian leat éileamh a dhéanamh ina leith.
Éileamh a dhéanamh i leith na bliana reatha
- Sínigh isteach ar moChúrsaí nó ROS.
- Cliceáil ar ‘M’Fhiosruithe’.
- Roghnaigh ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’.
- Ní mór d'úsáideoirí ROS catagóir a roghnú ón roghchláir anuas, faoi 'Baineann an fiosrú le' agus 'Níos beaichte'.
- Cuir isteach d’fhiosrú sa bhosca ‘Sonraí an Fhiosraithe’.
- Do sheoladh ríomhphoist a dheimhniú.
- Cliceáil ar ‘Tíolaic Fiosrú’ chun an próiseas a chur i grích.
Éileamh a dhéanamh do bhliain roimhe seo
- Sínigh isteach ar moChúrsaí
- Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin do na ceithre bliana roimhe’ i seirbhísí ÍMAT.
- Iarr Ráiteas Dliteanais.
- Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
- Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.
- Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Do phost – Liúntas do Mharaithe’ agus cuir leis é mar liúntas.
Má dhéantar measúnú comhpháirteach ort, ní mór don chéile inmheasúnaithe nó don pháirtnéir sibhialta ainmnithe iarratas a dhéanamh.
An chaoi le héileamh a dhéanamh má tá tú faoin mbonn féinmheasúnaithe
Féadtar an creidmheas a éileamh do 2022, 2023, 2024 agus 2025. Féadtar é seo a dhéanamh trí do Thuairisceán bhliantúil Cánach Ioncaim (Foirm 11) a chomhlánú ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Chun an creidmheas a éileamh, comhlánaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim agus lean na céimeanna seo:
- Sínigh isteach ar ROS.
- Oscail an scáileán ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
- Cliceáil ar ‘Tíolaic Tuairisceán’.
- Roghnaigh ‘Cáin Ioncaim ’ ón roghchlár anuas
- Roghnaigh an bhliain chánach ar mian leat tuairisceán a thíolacadh ina leith.
- Aimsigh an rannán 'Creidmheasanna Cánach Pearsanta' sa tuairisceán.
- Roghnaigh 'Liúntas do Mharaithe' agus cuir isteach an fhaisnéis a iarrtar.
Féadtar clárú le haghaidh ROS, mura bhfuil tú cláraithe cheana.
Ar aghaidh: An Creidmheas Cánach d'Iascairí