Liúntas do Mharaithe, Creidmheas Cánach d'Iascairí agus Creidmheas Cánach Pearsanra Cabhlaigh Farraige

  1. Léargas ginearálta
  2. Liúntas do Mharaithe
  3. An Creidmheas Cánach d'Iascairí
  4. Creidmheas Cánach Pearsanra Cabhlaigh Farraige

Creidmheas Cánach Pearsanra Cabhlaigh Farraige

Tá an Creidmheas Cánach Pearsanra Cabhlaigh Farraige le fáil do mheasúnú na bliana 2020 go 2024 amháin.

Féadtar an Creidmheas Cánach Pearsanra Cabhlaigh Farraige a éileamh:

  • mar ball buan thú de Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann
  • agus
  • mar chaith tú 80 lá ar a laghad ar muir ar bord árthaigh chabhlaigh Éireannaigh taobh istigh den tréimhse chuí.

Is í an tréimhse chuí an bhliain roimh an tréimhse ar mian leat an creidmheas a éileamh.

B'ionann luach an Chreidmheasa Cánach Pearsanra Cabhlaigh Farraige agus  €1,270 sa bhliain fhioscach 2020. Is ionann luach an chreidmheasa agus €1,500 sna blianta fioscacha 2021 go 2024.

Gheobhaidh tú an Creidmheas Cánach Pearsanra Cabhlaigh Farraige go huathoibríoch má shásaíonn tú na coinníollacha cáilithe. Féadtar teagmháil a dhéanamh le na Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe mura léirítear an creidmheas ar do Deimhniú Creidmheasanna Cánach.

Ní fhéadtar an creidmheas seo a éileamh an bhliain chéanna a éilíonn tú an Liúntas do Mharaithe nó an Creidmheas Cánach d’Iascairí.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil maidir le na coinníollacha cáilitheacha sa lámhleabhar Sea-Going Naval Personnel Tax Credit.

Sampla

Tá Seán ina bhall buan de Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann. I 2021, chaith Seán 128 lá ar muir ar bord árthaigh chabhlaigh Éireannaigh. I 2022, chaith Seán 73 lá ar muir ar bord árthaigh chabhlaigh Éireannaigh.

Féadann Seán an creidmheas cánach seo a éileamh do 2022 mar chaith sé 80 lá ar a laghad ar muir in 2021. Toisc gur chaith Seán níos lú ná 80 lá ar muir i 2022, ní féidir leis an creidmheas a éileamh do 2023.