Faoiseamh d'Oibrithe Trasteorann

Cén chaoi a dhéanann tú iarratas ar Fhaoiseamh d'Oibrithe Trasteorann?

Féadtar iarratas a dhéanamh i scríbhinn le d'oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim don fhaoiseamh seo. Ní mór duit ráiteas deiridh i dtaobh dliteanais do Cháin Ioncaim ón tír eile a chur san áireamh i d’iarratas. De rogha air sin, féadtar an faoiseamh a éileamh trí Thuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú.