An chomaoin

Céard le déanamh murab eol an chomaoin duit?

Féadfaidh sé nach eol duit an praghas deiridh ar dháta forghníomhaithe (an síniú, an séalú nó an dá rud) na hionstraime (doiciméad i scríbhinn). Sa chás seo, íoctar Dleacht Stampa i leith luach margaidh na maoine.

Tá ceithre eisceacht ón riail seo.

Eisceacht 1

Nuair a cheannaítear gnó, féadfaidh sé go ndéanfar foráil sa chomhaontú chun an gnó a aistriú chugat (ar a dtugtar comhaontuithe aistrithe sócmhainní gnó de ghnáth) le haghaidh:

  • íocaíocht tosaigh
  • agus
  • coigeartú nuair is eol an glanluach iomlán deiridh.

Féadfaidh sé a bheith de thoradh ar an gcoigeartú go mbeidh íocaíocht nó aisíocaíocht bhreise ar dháta comhaontaithe dá éis sin.

Féadtar Dleacht Stampa a íoc i leith an luacha margaidh. Mura n-íoctar Dleacht Stampa i leith an luacha margaidh, féadtar an méid seo a dhéanamh ina áit:

  • léiriú ar an tuairisceán Dleachta Stampa nach bhfuil an chomaoin deiridh agat
  • an tuairisceán a thíolacadh
  • an Dleacht Stampa a íoc i leith na híocaíochta tosaigh.

Má tá an chomaoin deiridh níos mó, ba chóir duit do thuairisceán a leasú chuig an chomaoin deiridh agus an Dleacht Stampa bhreise atá dlite a íoc.

Gearrfar ús ort mura n-íoctar an dleacht bhreise in am. Má theastaíonn uait an t-ús a bhaint, ba chóir scríobh chuig an Oifig Naisiúnta um an Dleacht Stampa. Ba chóir duit d’Aitheantas Doiciméid agus na cúiseanna leis an úis a bhaint chur san áireamh i d’iarratas.

Más lú an chomaoin deiridh, féadfaidh tú aisíocaíocht a éileamh i leith na Dleachta Stampa ró-íoctha. Ba chóir duit do thuairisceán Dleacht Stampa a leasú sula n-éilíonn tú an aisíocaíocht.

Tabhair do d'aire

Ní bhaineann Eisceacht 1 leis an gcomaoin atá nasctha le feidhmíocht an ghnó sna blianta tar éis an fháltais. Féadtar comaoin dá leithéid sin a thabhairt i dtéarmaí foirmle a bhaineann le brabús i ndiaidh cánach agus féadtar uasteorainn de shuim shonrach a chur air.

Eisceacht 2

Má cheannaíonn tú scaireanna agus má aontaíonn tú an méid seo a leanas a íoc:

  • íocaíocht tosaigh
  • agus
  • íocaíocht choigeartaithe nuair a bhíonn na cuntais chomhlánaithe réidh

ba chóir duit:

  • léiriú a thabhairt ar an tuairisceán nach bhfuil an chomaoin deiridh agat
  • an tuairisceán a thíolacadh
  • an Dleacht Stampa a íoc i leith na híocaíochta tosaigh.

Eisceacht 3

I gcás léasa, más eol duit ar dháta fhorghníomhú na hionstraime:

  • an cíos, gan an biseach
    • íocfaidh tú Dleacht Stampa i leith an chíosa agus i leith an bhisigh margaidh
  • an biseach, gan an cíos
    • íocann tú Dleacht Stampa i leith an bhisigh agus i leith an chíosa margaidh.

Íocfaidh tú Dleacht Stampa i leith an bhisigh margaidh, murab eol duit an cíos ná an biseach.

Eisceacht 4

Íocfaidh tú Dleacht Stampa ar dheich n-uaire luach margaidh suímh más rud é:

  • go dtógann tú an suíomh ar léas nó má cheannaíonn tú é le comhaontú bainteach tógála chun maoin chónaithe a thógáil air
  • agus
  • murab eol an chomaoin iomlán duit.