An chomaoin

Aistrithe maoine

Nuair a cheannaítear maoin, is ionann suim an airgid a íoctar ina leith agus an chomaoin, gan aon Cháin Bhreisluacha (CBL) san áireamh.

Ní gá, áfach, gur airgead amháin atá sa chomaoin i gcónaí. Féadfaidh sé gur ghlac tú freagracht as fiachas atá dlite ag díoltóir nó aistreoir na maoine a aisíoc (ar a dtugtar glacadh fiachais de ghnáth). Féadfaidh sé gur aistríodh maoin chugat chun fiachas dlite duit a aisíoc (ar a dtugtar sástacht fiachais). Féadtar scaireanna a aistriú chuig an gceannaitheoir.

Íoctar Dleacht Stampa ar luach an fhiachais nó luach na scaireanna.

Glacadh fiachais

Nuair a ghlacann tú freagracht as fiachas a aisíoc, tá Dleacht Stampa inmhuirir ar cibé acu is mó den mhéid seo:

  • suim an fhiachais a ghlactar (lena n-áirítear an morgáiste) móide aon chomaoin íoctha
  • cothromas na fuascailte. Is éard atá i gceist le cothromas na fuascailte ná an difríocht idir luach margaidh na maoine agus an fiachas a ghlactar. I bhfocail eile, is ionann glanluach na maoine agus cothromas na fuascailte.

Tabhair do d’aire:

Sa chás go bhfuil an mhaoin i gcothromas diúltach, glacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le Dleacht Stampa íoctha ar luach margaidh na maoine. Tá feidhm aige seo is cuma más morgáiste ar mhaoin cónaithe nó ar mhaoin neamhchónaithe atá i gceist. Is éard is brí le cothromas diúltach ná go bhfuil luach margaidh reatha do mhaoine níos lú ná an tsuim amuigh ar do mhorgáiste. I bhfocail eile, tá níos mó airgead dlite le híoc agat leis an mbanc ná mar a gheofá dá ndíolfá do mhaoin.

Fiachas a shásamh

I gcás fiachas a shásamh, tá Dleacht Stampa inmhuirir ar an gceann is airde díobh seo:

  • suim an fhiachais a ghlactar móide aon chomaoin íoctha
  • an luach margaidh.

Scaireanna a Aistriú

Íoctar Dleacht Stampa ar luach na scaireanna a aistrítear.

Dáiltí in specie

Féadfaidh sé gur scairshealbhóir i gcuideachta thú. Féadfaidh sé go bhfuil sócmhainní, mar shampla foirgnimh oifige, maoine cónaithe, gléasra agus innealra ag an gcuideachta.

Má théann an chuideachta faoi leachtú, nó má dhéantar an chuideachta a fhoirceannadh, coinneofar na sócmhainní sin chun sochair creidiúnaithe na cuideachta.

Nuair a íoctar na creidiúnaithe, éiríonn na sócmhainní atá fanta de bheith ina maoin ag na scairshealbhóirí. Féadtar na sócmhainní sin a dhíol, agus an t-airgead tirim a thabhairt don scairshealbhóir.

De rogha air sin, féadtar na sócmhainní a aistriú chuig na scairshealbhóirí i gcomhréir lena scairsheilbh.

Tugtar ‘dáiltí in specie’ ar shócmhainní a aistriú, seachas airgead tirim. Níl Dleacht Stampa inmhuirir i leith na hionstraime lena n-aistrítear sócmhainní ar an gcaoi seo. Níl ort tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.

Tá Dleacht Stampa inmhuirir, áfach, sna cásanna seo:

  • má tá na sócmhainní faoi réir muirir (morgáiste) agus má aistrítear iad faoi réir an mhuirir sin
  • má tá fiachas dlite ag an gcuideachta do thríú páirtí agus má aontaíonn na scairshealbhóirí dliteanas an fiachais a ghlacadh
  • má tá fiachas dlite ag an gcuideachta do na scairshealbhóirí agus má aontaíonn na scairshealbhóirí an fiachas a mhaitheamh.

Ar aghaidh: Comaoin eisiata ó CBL