Muirear in-áirithíochta

Cáin a shiarchoinneáil ó íocaíochtaí ar leith

Féadfaidh sé go mbeidh ort cáin a shiarchoinneáil, ag an ráta caighdeánach 20%, ó íocaíochtaí áirithe. Áirítear sna íocaíochtaí seo:

Ní mór duit Foirm R185 a chomhlánú má dhéanann tú cáin a shiarchoinneáil ó íocaíocht.

Deimhnítear ar an bhFoirm R185 gur asbhaineadh Cáin Ioncaim. Ní mór duit an fhoirm seo a thabhairt don duine a ndearna tú cáin a asbhaint óna n-íocaíocht.

Tabhair do d’aire

Ón 1 Iúil 2023, níl feidhm a thuilleadh ag an oibleagáid Foirm R185 a chomhlánú maidir le cíos a íoctar le tiarna talún neamhchónaitheach. Tá an riachtanas cáin a choinneáil siar fós ann. Féach Leathanaigh NLWT le haghaidh tuilleadh eolais.

Cánacha siarchoinnithe a bhailiú

Féadfaidh sé gur oibrí Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) thú a rinne cáin a shiarchoinneáil ó íocaíocht a rinne tú. Más ea, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim chun do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach (TCC) a choigeartú chun go mbaileofaí an cháin a rinne tú a shiarchoinneáil.

Más oibrí neamh-ÍMAT thú, ní mór duit clárú le haghaidh féinmheasúnaithe agus an íocaíocht chomhlán a dhearbhú.

Díolúine nó aisíocaíocht cánach in Éirinn ar chomhaontuithe úis

Féadtar a bheith cónaitheach ó thaobh cánach i dtír a bhfuil Comhaontú um Chánachas Dúbailte aici le hÉirinn. Más ea, féadfaidh sé go mbeidh tú in ann díolúine a éileamh nó aisíocaíocht a fháil ar cháin Éireannach ar phinsean Éireannach.

Ba chóir Foirm IC7 a chomhlánú agus ceangal leis Foirm R185 a fhaigheann tú ón duine a rinne an cháin a shiarchoinneáil.

Tá tuilleadh eolais ar an bhFoirm IC7 maidir le hí a chomhlánú, mar aon le heolas breise a bheidh uait chun an t-éileamh a thíolacadh.