Cuntas a thabhairt i leith CBL ar bhonn airgid a fuarthas

Incháilitheacht agus cealú bonn airgid a fuarthas

Ba chóir duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas nuair nach mbeidh tú i dteideal cuntas a thabhairt ar Cháin Bhreisluacha (CBL) ar bhonn airgid a fuarthas a thuilleadh.

D'fhéadfadh do láimhdeachas ó sholáthairtí incháinithe do dhaoine neamhchláraithe do cheithre mhí as a chéile bheith níos lú ná 90% de do láimhdeachas iomlán. Ba chóir duit an t-athrú seo a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim. Ba chóir duit é seo a dhéanamh roimh dheireadh na míosa ina diaidh an tréimhse sin.Anuas ar sin, ní mór duit an céatadán do do sholáthairtí do dhaoine neamhchláraithe i rith na tréimhse sin a léiriú.

Más athrú imeallach nó sealadach é an t-athrú céatadáin maidir leis na soláthairtí sin, féadfar ceadú a thabhairt go leanfaí leis an údarú.

Más amhlaidh gur mó seans go sáróidh do láimhdeachas bliantúil €2 milliún in aon tréimhse 12 mhí leanúnach, ba chóir duit an méadú ar an láimhdeachas seo a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim. Ba chóir é seo a chinneadh bunaithe ar do láimhdeachas in aon tréimhse de ceithre mhí as a chéile. Ba chóir duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoin athrú ar chúinsí faoi dheireadh na míosa i ndiaidh na tréimhse seo.

Má loiceann tú fógra a thabhairt do d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim sna cúinsí seo, cealófar an t-údarú. Cuirfear an cealú i bhfeidhm ó thús na tréimhse CBL inar chóir an fógra a bheith tugtha.

Seachas sin, beidh feidhm ag cealú an údaraithe:

  • ó thús na tréimhse cuntasaíochta CBL nuair a thugann d’Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim fógra duit maidir leis an gcealú
  • ó thús tréimhse cuntasaíochta CBL níos deireanaí, sa chás go sonraítear é san fhógra.