Cuntas a thabhairt i leith CBL ar bhonn airgid a fuarthas

Ag athrú ó agus go bonn airgid a fuarthas

Ó bhonn sonraisc nó díolacháin go dtí bonn airgid a fuarthas

Tugann na Coimisinéirí Ioncaim cead duit athrú ó bhonn sonraisc go dtí bonn airgid a fuarthas. Tá tú faoi dhliteanas Cánach Breisluacha (CBL) ar airgid a fuarthas ón dáta athraithe faofa.

Ní áirítear in airgead a fuarthas aon íocaíochtaí ar tugadh cuntas ar CBL ina leith cheana i dtaca le hearraí agus seirbhísí a soláthraíodh.

Ní fhéadtar athrú ón mbonn sonraisc go dtí an bonn airgid a fuarthas ach amháin má thugann na Coimisinéirí Ioncaim údarú duit a leithéid a dhéanamh.

Ó bhonn airgid a fuarthas go dtí bonn sonraisc nó díolacháin

D'fhéadfadh údarás duine a bhí údaraithe le cuntas a thabhairt i leith CBL ar bhonn airgid a fuarthas a tharraingt siar. Anuas ar sin, d'fhéadfadh ról an duine cuntasach i leith chúrsaí CBL a scoirchomh maith. Ina leithéid de chás, ba chóir coigeartú a dhéanamh sa tréimhse scoir chun cuntas a thabhairt i leith CBL iníoctha ar fhéichiúnaithe amuigh ar an dáta sin.

Is éard a mbunaítear an coigeartú air ná ar an tsuim dlite ag féichiúnaithe amuigh don duine cuntasach i dtaca le soláthairtí incháinithe ar an dáta scortha. Ríomhtar na ráta(í) CBL atá le feidhmiú ar na suimeanna amuigh de réir na foirmle seo a leanas:

(A x B) / C

A - an méid iomlán dlite don duine ag deireadh na tréimhse údaraithe le haghaidh earraí agus seirbhísí a soláthraíodh le linn na tréimhse údaraithe (féichiúnaithe amuigh).

B - an méid incháinithe i dtaca le soláthairtí incháinithe ar gach ráta cánach sa 12 mhí roimh an dáta scoir nó sa tréimhse údaraithe, cibé acu is giorra.

C - an méid iomlán incháinithe i dtaca le soláthairtí incháinithe iomlána sa 12 mhí roimh an dáta scoir nó sa tréimhse údaraithe, cibé acu is giorra.

Féadfaidh tú bonn eile cionroinnte a shocrú le do cheantar de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim idir na rátaí éagsúla cánach.

Is méid le cáin san áireamh é an méid a chionroinntear dá réir ar gach ráta cánach.

 Tá an cháin atá san áireamh  dlite don tréimhse inar scoireadh den bhonn airgid a fuarthas.

Ní dhéantar an dliteanas a choigeartú sa chás gurbh é bás an duine chuntasaigh ba chúis leis an scor.

Ar aghaidh: Rátaí CBL ar bhonn airgid a fuarthas