Cuntas a thabhairt i leith CBL ar bhonn airgid a fuarthas

Céard iad na suimeanna a áirítear sa bhonn airgid a fuarthas?

Áirítear na suimeanna seo a leanas mar airgead a fhaigheann soláthraí atá cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL):

  • suimeanna a taisceadh nó a cuireadh chun sochair chuntas an tsoláthraí i mbanc, i gcumann foirgníochta nó i gcomhlacht airgeadais eile
  • suimeanna a fhaigheann duine eile, amhail dlíodóir, thar ceann an tsoláthraí
  • suimeanna a asbhaineann duine cuntasach mar Cháin Shiarchoinneálach ar Sheirbhísí Gairmiúla
  • suimeanna a asbhaineann príomhchonraitheoir nó fochonraitheoir mar Cháin Conarthaí Iomchuí
  • suimeanna a íocann trí páirtí leis na Coimisinéirí Ioncaim chuig cuntas an tsoláthraí de réir chumhacht astaithe na gCoimisinéirí Ioncaim.

Meastar  go bhfuair duine atá cláraithe le haghaidh CBL airgead sa chás go socraítear dliteanas i leith idirbheart gnó. D'fhéadfadh  creidmheas atá dlite a chúiteamha bheith san áireamh leis seo . Más amhlaidh atá,  is ionann an dáta fhritháirimh agus an dáta fáltais.

Sa chás go bhfaightear airgead trí ghníomhaire, ba cheart taifead a dhéanamh  d'aon suim a choinníonn an gníomhaire chun a gcuid táillí a chlúdach. Cuirtear táillí an ghníomhaire san áireamh mar aon leis an airgead a fuarthas. 

Cáin Shiarchoinneálach ar Sheirbhísí Gairmiúla (CSSG)

Chun críocha CBL, meastar gur cuid den chomaoin a fhaigheann soláthraí é an CSSG a choimeádtar siar ó íocaíochtaí i leith seirbhísí gairmiúla.

​Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI)

Tugtar cuntas ar phríomhchonraitheoir  i leith CBL ar bhonn frithmhuirir ar sheirbhísí tógála a sholáthraíonn fochonraitheoir don phríomhchonraitheoir.

Ciallaíonn sé:

  • go n-íocann an príomhchonraitheoir an fochonraitheoir ar bhonn eisiata ó CBL
  • go dtugann an príomhchonraitheoir cuntas i leith CBL ar an gcomaoin iomlán a ghearr an fochonraitheoir, CCI a coimeádadh siar san áireamh
  • agus
  • go ndéantar measúnú ar CCI ar an chomaoin eisiata ó CBL.

Feidhmítear frithmhuirear freisin i dtaca le seirbhísí tógála a sholáthraítear idir beirt daoine bainteacha.

Féach freisin ar an rannán Treoir breise ar Sholáthar poiblí má tá comhlachtaí Stáit bainteach leis an idirbheart.

Ar aghaidh: Incháilitheacht agus cealú bonn airgid a fuarthas