Cuntas a thabhairt i leith CBL ar bhonn airgid a fuarthas

Cén chaoi a ndéantar iarratas ar bhonn airgid a fuarthas?

Má tá tú ag déanamh iarratas ar chlárú le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) den chéad uair, ba chóir duit an fhoirm a léamh go cúramach. Ba chóir duit cuir in iúl sa bhosca cuí ar an bhfoirm clárúchán go bhfuil tú ag iarraidh leas a bhaint as an bonn airgid a fuarthas. Tá sé tábhachtach go gcomhlíonann tú na coinníollacha a léirítear sa rannán seo chun leas a bhaint as an mbonn airgid a fuarthas.

Má tá tú cláraithe le haghaidh CBL cheana, ní mór duit iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun athrú go dtí an bonn airgid a fuarthas.

Ba chóir go mbeadh na sonraí seo a leanas san áireamh i d’iarratas ar leas a bhaint as an mbonn airgid a fuarthas:

  • ainm agus seoladh
  • uimhir clárúcháin CBL, más cuí
  • nádúr do ghníomhaíochtaí gnó
  • céatadán an láimhdeachais ó sholáthairtí incháinithe, a bhaineann le soláthairtí do dhaoine neamhchláraithe maidir leis an tréimhse is giorra de na tréimshí seo:
    • an tréimhse 12 mhí dar críoch an lá deireanach den tréimhse incháinithe roimh an iarratas
    • an tréimhse ó thosaigh gníomhaíochtaí gnó go dtí an lá deireanach den tréimhse incháinithe roimh an iarratas.
  • meastachán ar chéatadán an láimhdeachais ó sholáthairtí incháinithe do dhaoine neamhchláraithe don tréimhse 12 mhí ó thús na tréimhse incháinithe ina ndéantar an t-iarratas
  • leibhéal an láimhdeachais bhliantúil, más lú é ná €2,000,000.

Maidir le húdarú na gCoimisinéirí Ioncaim chun cuntas a thabhairt i leith CBL ar an mbonn airgid a fuarthas, bíonn feidhm aige:

  • ó thús na tréimhse ina n-eisítear an t-údarú
  • ó dháta dá éis sin sa chás go sonraítear amhlaidh.

Ar aghaidh: Ag athrú ó agus go bonn airgid a fuarthas