Cuntas a thabhairt i leith CBL ar bhonn airgid a fuarthas

Cé a fhéadfaidh rogha a dhéanamh don bhonn airgid a fuarthas?

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chun cuntas a thabhairt i leith Cáin Bhreisluacha (CBL) ar an gcaoi seo más duine atá cláraithe le haghaidh CBL:

  • nach mó, nó nach dócha gur mó, ná €2,000,000 an láimhdeachas acu in aon tréimhse leanúnach 12 mhí
  • a sholáthraíonn mórchuid (90% ar a laghad) dá soláthairtí do chustaiméirí nach bhfuil i dteideal asbhaint iomlán CBL a éileamh, nó nach bhfuil cláraithe le haghaidh CBL.

Baineann an dara coinníoll seo le miondíoltóirí, tithe tábhairne, bialanna agus gnóthais ar bith eile a dhíolann le daoine príobháideacha den chuid is mó.

Céard é an bonn airgid a fuarthas?

Faoin ngnáthbhonn cuntasaíochta, tá trádálaí faoi réir cuntas a thabhairt i leith CBL nuair:

  • a dhéanann an trádálaí soláthar
  • nó
  • a eisíonn an trádálaí sonrasc chuig custaiméir.

Faoin mbonn cuntasaíochta airgid a fuarthas tá trádálaí faoi réir cuntas a thabhairt i leith CBL nuair a fhaigheann siad an t-airgead.

Má tá tú ag úsáid an bonn airgid a fuarthas le haghaidh CBL,  beidh feidhm fós leis na gnáthriachtanais sonraisc.

Cén uair nach bhféadtar an bonn airgid a fuarthas a úsáid?

Ní fhéadtar an bonn airgid a fuarthas a úsáid i leith CBL i dtaca leis na hidirbhearta seo a leanas:

  • idirbhearta le daoine bainteacha
  • seirbhísí tógála arna soláthar ag fochonraitheoir do phríomhchonraitheoir
  • CBL ar bhonn sonraisc ar idirbhearta maoine arb é atá iontu ná léasanna fada a cruthaíodh roimh 01/07/2008
  • ceannacháin (seirbhísí agus earraí) inphobail
  • iompóráil earraí isteach sa stát

Ar aghaidh: Cén chaoi a ndéantar iarratas ar bhonn airgid a fuarthas?