Faoiseamh cánach ar thabhartais chuig comhlachtaí áirithe spóirt
Céard is tionscadal ceadaithe ann?
Is éard is tionscadal ceadaithe ann ná tionscadal atá ceadaithe ag An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt chun críocha faoisimh chánach i leith tabhartas a éileamh. Ní mór don chomhlacht spóirt foirm iarratais a chomhlánú agus a sheoladh chuig An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt chun ceadú a fháil.
Foilsíonn An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt eolas i leith tionscadail a cheadú don scéim um tabhartais do chomhlachtaí spóirt.
Baineann tionscadail cheadaithe le háiseanna a sholáthraíonn agus a úsáideann an comhlacht ceadaithe spóirt.
Féadfaidh sé go bhfuil ceann díobh seo thíos, nó meascáin díobh, i gceist le tionscadal ceadaithe:
- foirgneamh nó struchtúr nó cuid d’fhoirgneamh nó struchtúr a cheannach, a thógáil nó a athchóiriú chun gníomhaíochtaí spóirt nó áineasa a sholáthar
- talamh a cheannach le húsáid ag an gcomhlacht ceadaithe spóirt chun áiseanna spóirt nó áineasa a sholáthar
- fearas buan (seachas fearas pearsanta) a cheannach chun áiseanna spóirt nó áineasa a sholáthar
- páirceanna imeartha, dromchlaí nó áiseanna a fheabhsú
- agus, nó
- airgead a aisíoc, nó ús a íoc, ar airgead a fuair an comhlacht ceadaithe spóirt ar iasacht ó 1 Bealtaine 2002 le haghaidh aon cheann den mhéid thuas.
Má thugtar ceadú, eiseoidh An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt deimhniú le huimhir tionscadail cheadaithe don chomhlacht spóirt.
Féadfaidh an tAire Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt deimhniú a chealú agus ní bheidh tabhartais a fhaightear ina dhiaidh seo incháilithe le haghaidh faoiseamh cánach.
Ar aghaidh: Céard is tionscadal cháilitheach ann?