Faoiseamh cánach ar thabhartais chuig comhlachtaí áirithe spóirt
    Céard iad na taifid nach mór do chomhlacht ceadaithe spóirt a choinneáil?
Mar chomhlacht ceadaithe spóirt, nó mar Chomhlacht Rialaithe Náisiúnta (CRN), ní mór duit suim charnach na síntiús go léir a fhaightear a choinneáil:
- ó gach deontóir, corparáideach agus aonair araon
 
- is cuma faoin mhéid
 
- is cuma má bhronntar nó nach mbronntar faoiseamh cánach ar an gcomhlacht ceadaithe spóirt.
 
Ní mór duit chomh maith:
- an Fhoirm SPR1 bhunaidh nó an Fhoirm SPR2 atá sínithe ag an deontóir a choinneáil
 
- cóipeanna de d'admhálacha a choinneáil a chuirtear ar fáil do dheontóirí
 
- cuntas bainc ar leithligh a oscailt chun gach tabhartas a thaisceadh ann
 
- taifid agus cuntais chuí airgeadais a choinneáil
 
- agus
 
- cuntais iniúchta a choinneáil, má tá d’ioncam os cionn €250,000 in aghaidh na bliana.
 
Tabhair faoi deara go bhféadfadh na Coimisinéirí Ioncaim fianaise a iarraidh maidir le síntiúis (lena n-áirítear cóipeanna de dhoiciméid) mar thaca do d'éileamh.
Comhlachtaí ceadaithe spóirt a bhfuil uimhir tionscadail ceadaithe acu
Ní mór do chomhlachtaí ceadaithe spóirt (a bhfuil uimhir tionscadail ceadaithe acu) tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid Aonad Spóirt na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Tá an chéad tuarascáil dlite aon bhliain ó dháta na litreach ceadaithe.
Ba chóir an méid seo a leanas a bheith sa tuarascáil:
- achoimre ar an obair atá curtha i gcrích ar an tionscadal ceadaithe
 
- sonrú ar an amchlár do na hoibreacha atá fágtha
 
- agus
 
- liosta de na tabhartais uile a fuarthas sa bhliain roimhe seo.
 
Ní mór na tuarascálacha thuas a chur ar fáil d’Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt, nuair a iarrtar iad.