Faoiseamh cánach ar thabhartais chuig comhlachtaí áirithe spóirt
Céard is tionscadal cháilitheach ann?
Féadfaidh Comhlachtaí Rialaithe Náisiúnta (CRNanna) faoiseamh cánach ar thabhartais a éileamh sa chás go gcaitear an t-ioncam a fhaightear i leith tionscadail cháilitheach.
Féadann ceann amháin, nó níos mó, de na nithe seo a leanas a bheith i gceist le tionscadal cáilitheach:
- Trealamh atá incháilithe faoi Chiste Saoráidí Spóirt Pobail a cheannach.
- Bearta a thacaíonn le scoth-lúthchleasaithe.
- Rannpháirtíocht na mban sa spórt a chur chun cinn.
- Rannpháirtíocht i spórt ag daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn.
Má cheadaítear é, eiseoidh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt deimhniú le uimhir tionscadail cháilitheach chuig an CRN.
Féadfaidh an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt deimhniú a chealú. Ní cháileoidh aon síntiús a fhaightear tar éis an chealaithe d'fhaoiseamh cánach.
Ar aghaidh: Céard is tabhartas cuí ann?