Faoiseamh cánach ar thabhartais chuig comhlachtaí áirithe spóirt

Céard is tabhartas cuí ann?

Beidh díolúine incháilithe d'fhaoiseamh cánach más rud é:

  • gur íocaíocht atá ann, i bhfoirm airgid, ar luach €250 ar a laghad i mbliain chánach
  • gurb é an t-aon chuspóir atá leis ná tionscadal ceadaithe nó tionscadal cáilitheach a mhaoiniú
  • go bhfuil deimhniú cuí sínithe ag an deontóir agus tugtha aige don
    • chomhlacht spóirt ceadaithe, Foirm SPR1
    • Ceanneagraíocht Náisiúnta Rialaithe Spóirt (NGB), Foirm SPR2
  • go bhfuil an cháin dá dtagraítear sa deimhniú cuí íoctha ag an deontóir
  • nach bhfuil sé inasbhainte ar bhealach eile ag cuideachta mar chostas agus a brabús á ríomh
  • agus
  • nach bhfuil sé in-aisíoctha.

Cén uair nach gcáilíonn tabhartas d'fhaoiseamh cánach?

Ní cháileoidh tabhartas d'fhaoiseamh cánach más rud é:

  • go mbaineann an deontóir buntáiste, go díreach nó go hindíreach, ón tabhartas don chomhlacht spóirt ceadaithe nó don CRN
  • nach bhfuil an tabhartas faoi choinníoll go gceannóidh an comhlacht spóirt maoin ón deontóir nó ó aon duine atá bainteach leis an deontóir.

Tabhair do d’aire

Nuair a thagann tionscadal ceadaithe de bheith maoinithe go hiomlán agus nuair leanann an comhlacht spóirt ceadaithe ag fáil tabhartais i leith an tionscadal sin:

  • ní mór nach lorgóidh an comhlacht spóirt ceadaithe faoiseamh cánach breise i leith tabhartais
  • agus
  • ní fhéadann cuideachtaí faoiseamh cánach a éileamh i leith na dtabhartais.

Ar aghaidh: Conas faoiseamh cánach a éileamh ar thabhartais