Faoiseamh cánach ar thabhartais chuig comhlachtaí áirithe spóirt

Céard is comhlacht ceadaithe spóirt ann?

Meastar gur comhlacht ceadaithe spóirt thú má tá Uimhir Díolúine Cluichí agus Spóirt eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chugat.

Chun iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach i leith tabhartas, ní mór do do chomhlacht spóirt iad seo a leanas a bheith acu:

  • Uimhir Díolúine Cluichí agus Spóirt
  • Deimhniú Imréitigh Cánach bailí. Ní mór iarratas a dhéanamh ar imréiteach cánach ag úsáid an córas leictreonach Imréitigh Cánach (eTC) trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí (ROS)
  • uimhir tionscadail cheadaithe, nó uimhir thionscadail cháilitheach, eisithe ag an Aonad Caipitil Spóirt na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

Ar aghaidh: Céard is tionscadal ceadaithe ann?