Faoiseamh cánach ar thabhartais chuig comhlachtaí áirithe spóirt
Léargas ginearálta
Athruithe d’fhaoiseamh Cánach Ioncaim ar thabhartais
Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, féadann deontóirí faoiseamh cánach a bhronnadh ar thabhartais do chomhlachtaí ceadaithe spóirt nó an faoiseamh cánach a éileamh iad féin. Baineann sé seo le cibé an bhfuil na deontóirí cláraithe i Cáin Ioncaim féinmheasúnaithe nó Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT).
Tabhair do d'aire
Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil go luath faoin gcaoi ar féidir le deontóirí an faoiseamh a éileamh iad féin.
Faoiseamh cánach ar thabhartais chuig comhlachtaí ceadaithe spóirt
Féadfaidh sé go bhfuil tú, mar chomhlacht spóirt, in ann faoiseamh cánach a éileamh ar thabhartais más:
- comhlacht ceadaithe spóirt thú le tionscadal ceadaithe leis An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt
- nó
- comhlacht ceadaithe spóirt atá ina Comhlachtaí Rialaithe Náisiúnta Spóirt (CRNanna) agus baineann an tabhartais le tionscadal cáilitheach leis An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.
Ní mór gur tabhartais €250 ar a laghad sa bhliain chánach atá ann.
Má thugann deontóir tabhartas do chomhlacht ceadaithe spóirt, ní fhéadann an comhlacht faoiseamh a éileamh ar an bpointe. Is gá dóibh fanacht go dtí tar éis an 1 Nollaig sa bhliain tar éis a thugtar an tabhartas chun éilmeah a dhéanamh.
Tugtar míniú sna leathanaigh seo a leanas ar céard is comhlacht ceadaithe spóirt, tionscadal ceadaithe agus tionscadal cáilitheach ann. Gheobhaidh tú sonraí freisin faoin gcaoi ar féidir leatsa, mar chomhlacht ceadaithe spóirt nó CRN, faoiseamh cánach a éileamh ar thabhartais.
Ar aghaidh: Céard is comhlacht ceadaithe spóirt ann?