Ríomhtar an faoiseamh tríd an tabhartas a ollardú ag an ráta cánach íoctha an duine aonair. Ní fhéadann suim na haisíocaíochta a bheith níos mó ná an tsuim chánach a d’íoc an deontóir don bhliain chéanna.
Tugann Seán tabhartas €600 do chomhlacht ceadaithe spóirt in 2024. Tá tionscadal ceadaithe ag an gcomhlacht ceadaithe spóirt do 2024. Tá sé údaraithe ag Seán aisíocaíocht a éileamh i leith na cánach a d’íoc Seán.
I 2024, d’íoc John an t-ardráta cánach 40%. Ciallaíonn sé seo gurb ionann an tabhartas €600 agus 60% den tabhartas iomlán.
Chun an faoiseamh a ríomh, déantar an tabhartas iomlán a ollardú mar seo a leanas: (€600÷60)×100 = €1000.
Is í suim an fhaoisimh a fhéadann an comhlacht ceadaithe a éileamh ná (€1000-€600) €400.
Nuair a bheidh an deimhniú cuí comhlánaithe ag Seán, féadfaidh an comhlacht ceadaithe spóirt an aisíocaíocht a éileamh.
Murar íoc Seán ach €350 de cháin in 2024, is í an tsuim uasta den aisíocaíocht a fhéadann an comhlacht ceadaithe spóirt a éileamh ná €350.